Sinn Féin - On Your Side

Fearg ar chinneadh an chúirt maidir le hAcht 1737 – Mac Ádhaimh

2 June, 2010 - by Pat Sheehan


Ag labhairt dó i ndiaidh cinneadh na cúirte i mBéal Feirste maidir le hAcht 1737 dúirt Uachtarán Shinn Féin Gearóid Mac Ádhaimh;

“Is léir go bhfuil an tAcht seo go hiomlán míglactha ag pobail na Gaeilge agus daoine a bhfuil meas acu air an ilteangach agus cultúr na nGael. Cuireann Acht 1737 cosc ar an Ghaeilge sna cúirteanna, rud atá go hiomlán míghlactha sa lá atá inniu ann. Is iarsmach ó ré na bpéindlithe an Acht seo agus níl áit ar bith fána choinne in Éire na 21ú Aois.

Tá sár-obair déanta ag grúpaí Gaeilge maidir leis an fheachtas chun deireadh a chuir leis an Acht 1737; dar le Coiste na Saineolaithe ón Eoraip sáraíonn an tAcht seo spiorad an Chairt Eorpach ar Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh. Seolaim dlúthpháirtíocht le Caoimhín Mac Giolla Catháin a ghlac an cás in éadan Acht 1737.

Is cinnte go mbeidh fearg ar phobail na Gaeilge sna Sé chontae agus níos leithne mar gheall ar an chéim siar seo. Beidh me fhéin i dteagmháil le rialtas na Breataine agus an Aire Cóir David Ford ag ardú ceist Acht 1737 arís agus an cur brú orthu é a chur ó mhaith.

Tá sé go huile is go hiomlán míghlactha nár chuir an Ard Chúirt i mBéal Feirste an tAcht diúltach, leatromach seo ó mhaith.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin