Sinn Féin - On Your Side

Seolann Mac Ádhaimh comhghairdeas le Laochra Loch Lao

7 June, 2010 - by Pat Sheehan


Rinne Uachtarán Shinn Féin agus BP Iarthair Bhéal Feirste Gearóid Mac Ádhaimh comhghairdeas mór le foireann peile na Ceathrún Ghaeltachta, Laochra Loch Lao, a ghlac páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta tharr an deireadh seachtain.

Ag labhairt inniu, dúirt an tUasal Mac Ádhaimh;

“Seolaim comhghairdeas ón chroí chuig na Laochra agus na sluaite móra ón chathair a thaisteal go Maigh Eo le tacú leo.

Ar an drochuair bualadh Laochra Loch Lao ina gcluiche in éadan Ros Ghoill ach is léir go raibh spioraid Gael Bhéal Feirste i láthair le linn an comórtais.

Tá mé féin cinnte go mbeidh neart sealanna eile ag Laochra Loch Lao san am atá romhainn agus tá súil mór agam go mbeidh an comórtas é féin ag taisteal go Gaeltacht Bhéal Feirste gan mhoill.

Laochra Loch Lao Abú!” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin