Sinn Féin - On Your Side

Sinn Féin ag lorg tuairimí an phobail Gaeilge

28 October, 2010


Tá Sinn Féin ag déanamh athbhreithniú ar a chuid polasaithe Gaeilge agus ag brath ar doiciméid úr a chur roimh Ard Fheis an pháirtí i mBéal Feirste, i Mí Feabhra 2011.

Dúirt comhordaitheoir Gaeilge an pháirtí Gearóid Ó hEara;

“Ins an doiciméid a bhfuil beartaithe againn pléitear cúrsaí Gaeltachta, Oideachais, Réimsí Poiblí agus Dlí, Cearta, na Meáin Cumarsáide, Pobal na Gaeilge agus Gaelú Shinn Féin. Chomh maith leis sin beidh muid ag plé athstruchturú Foras na Gaeilge, Plean 2030 agus Acht na Gaeilge sa Tuaisceart.

Ba mhaith linn tuairimí ginearálta a chluinstin ó phobal na Gaeilge fríd an tír agus beidh muid ag reáchtáil sraith cruinnithe poiblí leis na hábhair seo a phlé agus ais-chothú a fháil.

Beidh an chéad ceann de na cruinnithe seo i mBéal Feirste, ins an Cultúrlann, ar 7.30 ar an 11ú Samhain 2010.

Tá fáilte roimh grúpaí agus daoine a bhfuil suim acu san ábhar tábhachtach seo freastal ar an chruinniú.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin