Sinn Féin - On Your Side

TAXI nó TACSAÍ - Sin an cheist a Aire

8 April, 2004


Dúirt an Teachta Aengus Ó Snodaigh go bhfuil sé "dochreidte" nach mbeidh cúiteamh á thabhairt ag an Aire Iompair Séamus Brennan do lucht na bhfeithiclí a bhfuil an comhartha "Tacsaí" orthu nuair a diúltaíodh teastais NCT a thabhairt dóibh de thoradh comhartha as Gaeilge a bheith orthu.

Bhí Aengus Ó Snodaigh á fhreagairt ag an Aire sa Dáil an seachtain seo.

D'fhiafraigh an Teachta Ó Snodaigh den Aire chomh maith cé mhéid gluaisteán ar diúltaíodh teastais dóibh in Ionaid Tástála NCT na tíre mar gheall ar an fhocal "Tacsaí" a bheith thuas orthu in áit "Taxi". Ní raibh aon eolas le fáil mar nach thiomsaíonn an Aire Iompair an t-eolas.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh:

"Tá sé dochreidte, i mo thuairim, nach bhfuil an tAire Brennan toilteanach cúiteamh a thabhairt do na daoine ar theip orthu teastais NCT a fháil sa chéad dul síos mar gheall ar an chomhartha a bheith as Gaeilge. Seo daoine atá ag iarraidh a gcuid obair lae a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus cad a tharla ag Ionad Tástála an NCT? Theip orthu teastais a fháil agus dúradh leo nach dtig leo an comhartha "Tacsaí" a chur suas. Agus, níos measa fós, bhí orthu dul faoi scrúdú arís, íoc as arís, agus comharthaí úra a fháil dá ngluaisteáin. Tá sé sin náireach. DEIREADH

Taxi or Tacsaí - that is the question for the Minister

Sinn Féin TD Aengus Ó Snodaigh said it was "unbelievable" that compensation was not being allowed by the Transport Minister Séamus Brennan to the owners of vehicles who had the sign 'Tacsaí' on their cars (instead of Taxi) resulting in their cars failing the NCT test.

Minister Brennan was anwering written questions put to him by Deputy Ó Snodaigh on the issue.

Deputy Ó Snodaigh asked the Minister also how many cars were refused the test pass in the NCT centres in the country because of the word 'Tacsaí' being on the roof instead of 'Taxi'. The Transport Minister's reply was that he did not know because the department does not collect this information.

Deputy Ó Snodaigh said:

"It is unbelievable and unacceptable that Minister Brennan is not willing to give compensation to people whose cars failed the NCT in the first instance

because of the sign on the roof being in Irish. These are people who are simply trying to do their day's work and to support the Irish language in this way, and what has happened to them as a result at the NCT centre? They failed to get the NCT certificate and were told that they are not allowed put the word 'Tacsaí' up on the roof of the car. What is even worse is that they then had to go to the trouble of having their NCT test again, had to pay for the test again and had to get new signs for the cars. The Minister acknowledges that the rule on this must be changed immediately but the fact that these people are not to be compensated is absolutely disgraceful." ENDS

Connect with Sinn Féin