Sinn Féin - On Your Side

Léiríonn an DUP tuilleadh dímheas don Ghaeilge ag Halla na Cathrach

2 February, 2011


Ag labhairt do i ndiaidh cruinniú míosúil de Comhairle Cathrach Bhéal Feirste dúirt Comhairleoir Caoimhín Mac Giolla Mhín;

“Ní cuirfidh sé iontas ar bith ar roinnt mhaith daoine go bhfuil an frith-Ghaelachas beo, bríomhar i measc sluaite sa DUP.

I Halla na Cathrach aréir mhol mise rún ó Shinn Féin maidir le dréacht-comhairliúcháin an Roinn Forbartha Réigiúnaí ar Comharthaíocht dhá-theangach agus chomh luath is a thosaigh mé a’ labhairt bhí roinnt chomhairleoirí ón DUP ag screadaí, casacht agus ag béicigh leo.

Bhí sé ar nós Halla na Cathrach sna 1980í.

Bheadh sé go maith acu siúd iarraidh cleachtaithe le húsáid na Gaeilge i Halla na Cathrach mar níl mise na pobail labhartha na Gaeilge ag dul áit ar bith.

Tá sé in am do na Comhairleoirí frith-Ghaelach sin i Halla na Cathrach glac sampla á gcomhghleacaithe sa Tionól agus giota béasaí a fhoghlaim nuair atá daoine ag labhairt a dteanga dúchais.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin