Sinn Féin - On Your Side

Glac páirt sa próiseas comhairliúchán Translink, Gabh Gaelach ar Bóthar na bhFál – Sheehan

9 February, 2011


Chuir CTR Iarthair Bhéal Feirste Pat Sheehan fáilte mhór roimh chomhairliúchán Translink ar chomharthaíocht Gaeilge a úsáid ar bhusanna s’acu ag taisteal ar Bhóthar na bhFál.

Ag moladh do dhaoine páirt a glacadh sa phróiseas dúirt Pat,

“Seo céim eile faoi cheannasaíocht an Aire Iompair Conor Murphy chun dualgais s’aige faoi bhonn na Cairte Eorpaí a chur i bhfeidhm.

Níl aon dabht ann go bhfuil an Ghaeilge beo, bríomhar agus feiceálach in Iarthair na Cathrach; níos tábhachtaí arís tá ráchairt ann amuigh ansin don chineál comharthaíochta seo fosta.

Mholaim do dhaoine glór, Gaelach a ardú i dtacaíocht leis na moltaí seo.

Tagann deireadh leis an chomhairliúcháin agus is féidir leat aighneacht a chur isteach tríd ríomhphost chuig [email protected] nó é a sheoladh chuig Marketing Department, Translink, Central Station, East Bridge Street , Béal Feirste, BT1 3PB.

CRÍOCH

Connect with Sinn Féin