Sinn Féin - On Your Side

Sinn Féin chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh i gCnoc an Anfa

14 March, 2011


Beidh Comhaltaí agus foireann Shinn Féin ag teacht le chéile Dé Chéadaoin 16ú Márta sa Tionól chun Seachtain na Gaeilge 2011 a cheiliúradh.

Tá an imeacht mar chuid de sraith a bhfuil eagraithe ag an pháirtí chun an ócáid speisialta seo a mharcáil.

Ag labhairt inniu dúirt Pat Sheehan CTR:

“Beidh Sinn Féin ag teacht le chéile, le pobal na Gaeilge, sa Tionól le ceiliúradh a dhéanamh ar Seachtain na Gaeilge 2011.

Tagann seo i ndiaidh imeacht den scoth i Halla na Cathrach Béal Feirste ar an Aoine, ina raibh daltaí scoile ó Bhunscoil Phobail Feirste agus Coláiste Feirste ag ceol, ag damhsa, ag díospóireacht agus ag foghlaim.

Beidh an ócáid Dé Céadaoin mar chuid de na himeachtaí seo agus tá muid ag dúil go mór le Gaeilgeoirí agus gníomhaithe teanga a fháiltiú anseo le Teanga agus Cultúr na nGael a cheiliúradh i dTionól s’acu.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin