Sinn Féin - On Your Side

Ba chóir go raibh Gaeilgeoirí ó Thuaidh ábalta an Daonáirimh a líonadh as Ghaeilge

23 March, 2011 - by Barry McElduff


Ag labhairt inniu dúirt Cathaoirleach an Choiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Barra Mac Giolla Dhuibh CTR;

“Tá sé go hiomlán do-ghlactha nach bhfuil an cheart ag Gaeilgeoirí anseo an fhoirm daonáirimh a líonadh isteach i dteanga s’acu féin.

Aontaím go hiomlán le feachtais POBAL agus impím ar dhaoine gearán oifigiúil a scríobh maidir leis an ábhar seo. De réir an Daonáirimh i 2001 tá Gaeilge ag níos mó na 10% de phobal an tuaiscirt, mar sin de tá cearta 167490 (agus tuilleadh ó shin!) daoine nach bhfuil aitheanta ag an Gníomhaireacht Staidrimh agus Taighde.

Níl aon dabht agam go mbeidh líon na nGaeilgeoirí níos mó arís nuair a fhoilsítear an daonáireamh seo agus léireoidh sin an fás suntasach atá ag dul ar aghaidh leis an Ghaeilge go fóill.

Beidh mé fhéin ag scríobh isteach le gearán a dhéanamh agus ag iarraidh cruinniú chomh luath agus is féidir ar an ábhar seo.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin