Sinn Féin - On Your Side

Diúltaíonn Fine Gael geallúint a thabhairt go mbeidh feidhmeanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta coinnithe - Doherty

14 April, 2011 - by Pearse Doherty TD


Tá diúltadh Fhine Gael geallúint a thabhairt go mbeidh feidhmeanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta coinnithe slán, mar atá leagtha síos sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, cáinte go láidir ag Pearse Doherty TD Shinn Féin in Iardheisceart Dhún na nGall.

Taréis ceistiú leanúnach a rinne an Teachta Doherty, dhiúltaigh an tAire Dinny McGinley a chinntiú cé acu a bheadh na feidhmeanna seo coimeádta nó nach mbeadh.

Ag caint do as Teach Laighean dúirt an Teachta Doherty:

“Ar an mheán cruthaítear 1,000 post nua sa Ghaeltacht gach bliain rud a chuireann €1.5billiún isteach sa gheilleagar áitiúil agus is Údarás na Gaeltachta atá lárnach i gcruthú na bpoist seo.

“Dhéanfaidh An Bille Gaeltachta, a táthar a dhreachtú faoi láthair, an tÚdarás nua Gaeltachta agus Gaeilge a dhearadh le dhul in áit Údarás na Gaeltachta. I ndiaidh mé an tAire Gaeltachta, Dinny McGinley a cheistiú go leanúnach sa Dáil inniú, dhiúltaigh sé a chinntiú go mbeadh feidhmeanna fiontraíochta fágtha faoi chúram na heagraíochta nua, rud atá ag dul glan in éadán an Stráitéis 20 bliain don Ghaeilge.

“Tá míshásamh anmhór orm nach gcinnteoidh an tAire McGinley go gcoinneofár cumhachtaí fionntraíochta agus cruthú poist ag an Údarás. Muna mbeidh cumhachtaí fionntraíochta ag an Údarás beidh sé ina bhuile marfach don Ghaeltacht atá cheanna féin faoi bhrú fíanta mar gheall air dhífhostaíocht ard agus ciorruithe ar mhaoiniú.

“I ndiaidh fógra an lae inné go bhfuil deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge, an é seo sampla eile de mheoin Fhine Gael faoin Ghaeltacht agus an Ghaeilge?

“Tá mé ag iarraidh ar an Aire a rá go díreach agus go soiléir – an mbeidh feidhmeanna fionntraíochta coinnithe ag an Údarás?”

Connect with Sinn Féin