Sinn Féin - On Your Side

Tosaigh obair an Straitéis 20 Bliain anois díreach – Tóibín

26 May, 2011 - by Peadar Tóibín TD


Ag labhairt sa Dáil inniú dúirt Úrlarbhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín go gcaithfidh an Rialtas tús a chur le obair an Stráitéis 20 Bliain anois díreach.

Ag labhairt leis an Rialtais Dúirt an Teachta Tóibín:

“Tá stair fada bródúil ag an Gaeilge sa tír seo. Ta sí á labhairt againn ar feadh ar a laghad dhá mhíle bliain. Tá grá agus meas ag móramh na daoine fós uirthi. Tá an-chuid obair á dhéanamh ag eagraíochtaí iontach timpeall an tír. Tá fás ag teacht uirthi in áiteanna. Ach ní leor sin. Tá sé soiléar anois go bhfuil tacaíocht an rialtas ag laghdú.

“Tá ráitis áirithe déanta ag Fine Gael atá glan i gcoinne moltaí sa Straitéis 20 bliain, ar nós deireadh a chuir le Gaeilge éigeantach ag leibhéal na hArd teiste, deireadh a chuir le Scéim Labhairt na Gaeilge, agus rialacha maidir le bunú Gaelscoileanna nua a dhéanamh níos déine.

“De réir cosúlacht níl an rialtas seo i ndáiríre mar gheall ar an Gaeilge. Múna athróidh an rialtas a aigne agus a pholasaí beidh an Gaeilge caillte ag ár nglúin go deo mar theanga beo. Impím ar an rialtas in ait a bheith ag caint faoin Gaeilge tosaigh obair an Straitéis 20 Bliain anois díreach.”

Connect with Sinn Féin