Sinn Féin - On Your Side

Sinn Féin agus Stádas - Tapaigh an Deis'

24 April, 2004


A Eagarthóir, a chara,

Táimíd ag scríobh chugat lenár dtacaíocht iomlán d'fheachtas Stádas a chur in iúl arís do phobal na Gaeilge.

Agus Lá Bealtaine beagnach sroichte againn, iarraimid uair amháin eile ar Fhianna Fáil agus ar an Pháirtí Dhaonlathach na céimeanna cuí a thógáil le go dtabharfaí Stádas Oifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Ábhar mór míshásaimh is ea seasamh Rialtas na 26 Chondae maidir leis an cheist seo. Ní theastaíonn ach go gcuirfeadh Fianna Fáil/an Páirtí Daonlathach rún ós comhair Comhairle na nAirí le go dtabharfaí Stádas Oifigiúil oibre don phríomhtheanga náisiúnta.

Trí dhiúltú don iarratas ar Stádas Oifigiúil don Ghaeilge tá an rialtas ag déanamh neamhaird, ní hamháin d'éileamh an náisiúin ach do mhianta na n-ionadaithe tofa a rith rún sa Seanad agus rún eile a ritheadh sa Dáil ag tacú le feachtas Stádas.

Bheadh impleachtaí móra ag bronnadh an Stádais Oifigiúil do phobal na Gaeilge thuaidh agus theas, thoir agus thiar. Níor chóir go gcaillfí an deis uathúil seo agus an stát seo mar Uachtarán ar an Aontas.

Is muid,

Piaras Ó Dochartaigh,

Bairbre de Brún,

Mary Lou McDonald,

David Cullinane,

John Dwyer

(Iarrthóirí Eorpacha Shinn Féin)

Connect with Sinn Féin