Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh an Rialtas tábhacht na scoileanna beaga tuaithe dá bpobail a thógáil san áireamh – Ó Clochartaigh

12 June, 2011


“Ní mór don Aire Oideachais Ruairí Quinn tábhacht na scoileanna beaga tuaithe dá phobail a thógáil san áireamh san athbhreithniú atá ar siúl aige ar an earnáil sin”, a deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh leis an Aire.

Bhí an Seanadóir ag labhairt le linn diospóireachta ar an athló sa Seanad an tseachtain seo caite. Dúirt sé go raibh na moltaí i dtuarascáil McCarthy don Bord Snip Nua, go gcuirfí scoileanna le níos lú na 100 dalta le chéile, aineolach ó thaobh tábhacht na scoileanna seo dá bpobail féin.

“Ní amháin go bhfuil scoileanna náisiúnta riachtanach d'oideachas páistí na gceantair seo, tá siad lárnach do spiorad agus féin mhuinín na háiteanna chomh maith. Is í an scoil náisiúnta croílár gníomhaíochta an phobail faoin dtuath, agus in áiteanna go leor tá tithe tabhairne, siopaí, agus oifigí poist caillte ag na ceantair seo cheana féin, dá bhrí sin tá an scoil náisiúnta níos tabhachtaí ná riamh dóibh.

“De réir taighde sa Bhreatain, is minic a chaitear aon airgead a sábháladh de bharr scoil tuaithe a dhúnadh, ar chostais iompair agus eile,' a deir an Seanadóir. 

“De réir taighde eile atá deánta ag Líonra Priomhoidí Bunscoile na hEireann, b'fhearr leis an bpobal, na daltaí agus na múinteoirí go gcoinneofaí na scoileanna beaga ar oscailt. Dá bhrí sin, caithfear an cheist a chur - cén fáth go ndúnfaimís iad i bhfianaise an damáiste fad-téarmach a bhíonn ann, agus gan mórán sábhailt don Státchóras dá bharr”, a deir Ó Clochartaigh.

Léirigh an Seanadóir don Aire chomh maith, gur mór an tionchar bheadh ann don Iarthar dá gcuirfí comhnascadh scoileanna den tsórt seo i bhfeidhm gan cúinsí pobail a thógáil san áireamh.

“Is Seanadóir ón Iarthar mise, agus tá sé soiléir domsa go mbeadh tionchar tubaisteach ar phobail an Iarthar dá dtosófaí polasaí comhnascadh den tsórt seo, mar tá formhór mór de na scoileanna seo ins an Iarthar. Tá 68 scoil a bhfuil an tAIre ag déanamh athbhreithnithe orthu i nGaillimh, 68 i Maigh Eo, 41 i Ros Comáin, 20 i Sligeach, 41 sa Chláir, agus 60 i nDún na nGall.” 

“Tá rialtas i ndiaidh rialtas tar éis faillí a dheánamh ar an Iarthar, agus tá an méid sin fós le mothú inniu sa réígiún. Feictear an gearradh ar mhaoiniú d'aerphort na Gaillimhe, an moill mór i soláthar seirbísí leathanbhanda, agus an easpa seirbhíse Iarnróid san Iarthar. Dá ndúnfaí na scórtha scoileanna sa réigiúin, dhéánfaí a thuilleadh damáiste do phobail atá faoi go leor brú mar atá, de bharr eisimirce agus an dífhostaíocht.”

Dhearbhaigh an Seanadóir as Conamara chomh maith, gur gá don Aire tábhacht an éiteas Gaelach i scoileanna a thógáil san áireamh le linn an phroiseas athbhreithnithe.

“Tá na scoileanna lán Ghaeilge riachtanach do chaomhnú agus forbairt na teangan, agus ní amháin i gceantair Gaeltachta. Bá chóir don Aire a bheith fíor-chúramach nach gcuirfear constaici roimh fás na teanga, agus na scoileanna lán-Ghaeilge, de bharr cur chuige gearr-radharcach i leith scoileanna beaga tuaithe.”

Connect with Sinn Féin