Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh Gilmore tacú leis an ‘flotilla’ – Ó Clochartaigh

22 June, 2011


Caithfidh an Tánaiste & Aire Gnóthaí Eachtracha cur ina luí ar Rialtas Iosrael chun an cabhlachán atá ag tabhairt ábhar fóirithinte chuig Gaza a scaoileadh tríd, dar leis an Seanadóir, Trevor Ó Clochartaigh.

Ag labhairt dó sa Seanad, duirt Seanadoir Shinn Féin de bharr an dlúthcheangal atá idir an MV Saoirse, atá mar chuid den chabhlachán seo, tá dualgas soiléir ar an rialtas anseo brú a chuir ar rialtas na hIosraeile chun sábháilteacht an chriú a dheimhniú agus chun an ábhar fóirithinte riachtanach atá ar bord uirthi a scaoileadh tríd chuig Gaza.

“Tá suas le scór saoránach Éireannach ag glacadh páirte sa chabhlachán seo, ealaíontóirí, polaiteoirí, gníomhairí polaitiúla agus iar-laochra spóirt ina measc, chomh maith le mo chomhleacaithe sa pháirtí na Comhairleoirí Pat Fitzgerald agus John Hearne as Port Láirge. Is long Éíreannach í an MV Saoirse agus tá na ceangail le hÉireann ríshoiléir. Sa chomhthéacs sin, tá dualgas ar an Aire Gnóthaí Eachtracha chun gníomhú, le brú a chuir ar rialtas na hIosraeile leis an cabhlachán a scaoileadh tríd chuig Gaza.

“Tá an staid cearta daonna i nGaza mar abhar imní an-mhór le bacanna tradála, srianta taistil agus ganntann bia,breosla agus earraí leighis ag cur as go mór do ghnáth shaol mhuintir na Pailistíne.

“Dár leis an gClár Bia Domhanda, ciallaíonn bac na hIosraeile nach bhfuil freastal dhá dhéanamh ar 59% de riachtanais iompórtála bia na Pailistine. Tá muid ag feiceáil ganntainn ollmhóra bia agus breosla ansiúd, atá ag cur as ní amháin do ghnáth chaighdeán maireachtála na ndaoine ach atá ag cruthú deacrachtaí móra maidir le fuinneamh agus fostaíocht de chomh maith. Tá foláireamh tugtha ag na Náisiún Aontaithe go mbeidh Gaza ag brath 100% ar an taobh amuigh ó thaobh eacnamaíochta de muna n-osclaítear na teorainn ó thaobh iompórtáil, easpórtáíl agus taistil de. Tá sé ráite ag Eagraíocht Bia & Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe freisin go bhfuil luach na milliúin caillte ag feirmeoirí go dtí seo de bharr an brú ar easportálacha’.

“Tá an t-uafás daoine ansin nach bhfuil fáil acu ar uisce glan le n-ól mar nach bhfuil na caidéil ag obair agus tá an earnáil leighis i mbéal géarchéime de bharr easpa foirne agus drugaí. Measann an Eagraíocht Sláinte Domhanda go bhfuil 96 as an 416 bun chógais leigheas riachtanach rite amach ann.

“Le bheith fírinneach tá sé dochreidte go bhfuil na daoine atá ag fulaingt faoi réimeas brúidiúil mar sin faoi smachtbhannaí den chineál seo agus nach bhfuil an reimeas féin faoi smachtbhannaí idirnáisiúnta de chineál ar bith.”

Dúirt Seanadóir Ghaillimh Thiar chomh maith go bhfuil sé in am ag an Aontas Eorpach deireadh a chuir leis an gcomhaontú trádála fábhrach go dtí go dtugann rialtas na hIosraeile aitheantas dá gcuid bundualgais chearta daonna.

“Ba chóir go mbeadh an Rialtas ag déanamh gach gur féidir leo chun deireadh a chuir le léagar Ghaza agus fulaingt muintir na Pailistíne ansin, áirím ansin iarradh ar an Aontas Eorpach deireadh a chuir leis an gcomhaontú trádála fábhrach idir an iad agus an Iosraeil go dtí go gcuirtear deireadh leis an leágar.

“Ag féachaint ar an drochstaid ina bhfuil muintir Ghaza, níl ann ach an ceart go dtugann muid aitheantas d’iarrachtaí cosúil leis an cabhlachán seo agus go ndéanfadh an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha gach ar féidir leis ar son an Stát seo, le cinntiú go dtagann na báid go ceann scribe go slán sábháilte.”

Connect with Sinn Féin