Sinn Féin - On Your Side

Geallann Sinn Féin tacaíocht do stráitéis Gaeilge & do Ghaeilge sa Dáil ag searmanas speisialta

29 June, 2011


Bronnadh siombail na Gaeilge – An Fáinne – ar Theachtaí Dála agus ar Sheanadóirí Shinn Féin i dTeach Laighean inniu.

Ba Conradh na Gaeilge a rinne an bronnadh chun aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí an pháirtí an teanga a chuir chun cinn sa Dáil agus sa tSeanad.

Ghabh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin buíochas le Conradh na Gaeilge as an aitheantas agus d’athdhearbhaigh sé tiomantas Shinn Féin don teanga.

“Tá muidne i Sinn Féin go hiomlán tiomanta don Ghaeilge agus tá rún daingean againn baill an Oireachtais a spreagadh chun an teanga a labhairt sa Dáil agus sa tSeanad. Tá muid tiomanta freisin go mbeadh méadú ar an Ghaeilge sna meáin go ginearálta agus iad ag clúdach gnóthaí na tíre.

“Gabhaim buíochas le Conradh na Gaeilge as an bhronnadh speisialta seo agus treaslaím leo as a gcuid oibre ar son na Teanga.”

Connect with Sinn Féin