Tá an Rialtas ag dul an treo mícheart ó thaobh na Gaeilge de – Tóibín
Ag trácht do ar na moltaí nua ó Oifig an Choimisinéara Teanga ar Acht na dTeangacha dúirt Teachta Dála Shinn Féin, Peadar Tóibín go n-aontaíonn Sinn Féin leis an Choimisinéir Teanga. Tá fadhbanna ann. Níl na eagraíochtaí stáit ag cur an Acht Teanga i bhfeidhm i gceart.
“Ar dtús ba cheart go mbeadh comhlachtaí poiblí ag feidhmiú sa Gaeltacht I nGaeilge ar comhcaighedáin le seirbhísí Béarla sa Galltacht. Ba cheart go mbeadh na heagraíochtaí stáit ag cur a gcuid scéimeanna teanga i bhfeidhm. Ta níos mó ná 25% do na heagraíochtaí stáit nach bhfuil ag comhlíonadh a gcuid dualgais faoin acht.
“Is cosúil nach bhfuil an HSE ná Ard Mhúsaem na hÉireann ag cur scéim teanga i bhfeidhm fiú go bhfuil na scéimeanna seo aontaithe ag na heagraíochtaí seo cheanna. Tá géar ghá freisin le níos mó daoine a earcú sa stáit sheirbhís ar féidir leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge gan níos mó costas. Ba cheart don rialtas seo tosaíocht a thabhairt don cheist thábhachtach seo.
“Má tá an rialtas dairíre faoin Gaeilge caithfidh siad na rudaí seo réiteach gan a thuilleadh moille’.
Ach leis an fhírinne a rá tá an rialtas ag lagadh na dualgaisí atá ag eagraíochtaí stáit san Bhille Um An Dlí Sibhialta. Tá an rialtas ag dul an treo mícheart ó thaobh na Gaeilge de.”