Sinn Féin - On Your Side

Ba cheart do Rabbitte leithscéal a ghabháíl le muintir Mhuigh Eo – Ó Clochartaigh

11 October, 2011


Ba cheart don Aire Cumarsáide, Fuinneamh & Acmhainní Nádúrtha leithscéal a ghábhail maidir le ráitis a rinne sé i Seanad Éireann inné maidir le tobar gáis na Coiribe. Dúirt an tAire leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin, go raibh cuid de na cúiseanna a chuir moill ar fhorbairt an phíoblíne gáis i Muigh Eo ‘seafóideach’, go raibh moill rófhada dhá chuir ar an bhforbairt agus ‘dá mbeadh an Samhradh nios fearr ann gur dócha go mbeadh tuilleadh daoine ag iarraidh bac a chuir ar an an tógáil’.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go raibh dearcadh an Aire scannalach agus go bhfuil sé ag iarraidh air leithscéal a ghabháil le pobal Mhuigh Eo, a chontae dhúchais. ‘Bhí meon agus friotal an Aire ag tabhairt le fios, dar liom, nach raibh réasún ag baint le h- iarrachtaí an phobail stop a chuir leis an bhforbairt seo ar bhealach síochánta agus daonlathach. Ba léir go bhfuil sé ag taobhú leis an gcomhlacht sa gcás seo agus ag magadh faoin dream a bhí ag troid ar son a gcearta a chosaint. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin inghlactha ó Aire Rialtais, go háirithe i bhfianaise ról an Stát sa bpróiséas ar fad.

‘Ba mhaith liom fáil amach freisin cén uair a tháinig athrú ar dhearcadh Pháirtí an Lucht Oibre ar an gceist seo?’ a deir an Seanadóir. ‘Roimhe seo bhíodh Michael D. Higgins, Uachtarán an Pháirtí, ag labhairt amach go poiblí ar son an dream a bhí i gcoinne an togra seo. I 2010 agus é ag seoladh leabhar le Lorna Siggins ar an ábhar, chuir sé an scéal i gcomparáid le Cogadh na Talún, ag rá go bhfuil sé ‘tragóideach’ a bhfuil tarlaithe ann agus go raibh ‘I bhfad nios mó i gceist ná an Stát ag iarraidh Dlí & Cirt a chur i bhfeidhm’.

Le linn na díospóireachta, bhí an Seanadóir ag iarraidh air an Aire Rabbitte tabhairt le fios an bhfuil sé i gceist aige moltaí SIPTU maidir le leasuithe sa tionscal ola & gás agus an córas ceadúnais a chuir i bhfeidhm. ‘Ba chóir go mbeadh buntáiste i bhfad níos mó dhá fháil ag muintir na hÉíreann as na hacmhainní nádúrtha atá againn. Ní raibh sé ag freagairt mo chuid ceisteanna’, a deir an Seanadóir, ‘agus tá gach cosúlacht ón méid a duirt sé go bhfuil an rialtas seo chun leanúint le polasaithe an rialtas a chuaigh rompu. Léiríonn moltaí Coiste Gás & Ola SIPTU agus deáchleachtais idirnáisiúnta go bhféadfadh muid margadh i bhfad níos fearr a fháil ó na hacmhainní seo ach ní cosúil go bhfuil an tAire chun aon athrú suntasach polasaí a chuir i bhfeidhm chun sin a dheimhniú’.

‘Ní féidir le Páirtí an Lucht Oibre a bheith ag marcaíocht ar dhá chapall ag an am céanna agus urlabhraithe dá gcuid ag rá go bhfuil siad ag seasamh le cearta na ndaoine agus leas an phobail agus a gcuid Airí Rialtais agus a gcuid ionadaithe i dTeach Laighean ag déanamh a mhalairt’, dar leis an Seanadóir.

Connect with Sinn Féin