Sinn Féin - On Your Side

Tá an rialtas ag folú taobh thiar den Troika – Tóibín

17 January, 2012


Ag labhairt maidir leis an cruinniu a bhí ag Sinn Féin inné leis an Troika, Dúirt an Teachta Peadar Tóibín:

“Seo an dara huair a bhuaileamar mar pháirtí leis an Troika. Chuireamar a lán ceisteanna orthu.

“I mo thuaraim tá an rialtas ag folú taobh thiar den Troika. Tá siad ag rá nach bhfuil aon rogha ag an rialtas agus go bhfuil an Troika ciontach as gach táille nua agus gach gearradh siar a chuireann siad i bhfeidhm.

“ Ón chomhrá a bhí againne leis an Troika is léir nach bhfuil an rialtas ag insint na fírinne.

“ D’aontaigh an Troika linn go bhfuil muid ag maireachtáil i ndomhain iontach difriúil i dhá mhíle is a dó dhéag ná a bhí againn i ndá mhíle is a deich nuair a bhí scríobhadh an meabhrán tuisceana. Táimid ag dul isteach cúlú eacnamaíochta claonas dúbailte.

“Níl uathu ach an easnamh sa bhuiséid a dhúnadh. Is cuma leo comas mar a réiteoidh an rialtas an teasnamh

“Dar leo nach bhfuil an táille uisce no na táille baile greannta i gcloch. Tá siad báúil do chomhlachtaí poiblí a dhíol ach níl siad ag rá go gcaithfimid é a dhéanamh. Freisin tá siad ag rá gur féidir linn an National Pension Reserve Fund a chaitheamh ar spreagadh fáis.

“Mar is eol duit thaispeánamar i Sinn Féin in ár moladh réamhbhuiséide gur féidir linn an easnamh a réiteach i slí cothrom. Is féidir linn an geilleagar a iompú timpeall freisin le spreagadh fáis a infheistiú sa tír seo.

“Tá borradh ag teacht ar gheilleagar an Stáit Aontaithe de bharr spreagadh fáis sa tír sin. Tá a mhalairt ag titim amach sa tír seo.”

Connect with Sinn Féin