Sinn Féin - On Your Side

Tabhair vóta do mhuintir na hÉireann agus diúltaigh don chonradh - Tóibín

31 January, 2012


Ag labhairt dó ar fhoilsiú an Conradh Fioscach dúirt Peadar Tóibín TD, urlabhraí Shinn Féin ar Poist, Fiontar agus Nuálaíochta:

“Is conradh déine é an conradh seo. Beidh orainn mar thír beart gátair a cuir i bhfeidhm ní amháin le linn an rialtais seo ach go fad téarmach sa todhchaí.

“Tá fhios ag cách cé chomh trom is atá polasaithe an rialtas seo ar ár gcóras sláinte, ar ár gcóras oideachais agus ar chúrsaí poist agus eile. Tá fadhbanna moral ag daoine leis na cánacha uisce, táillí tithíochta, táillí umar múnlaigh agus eile. Tá geilleagar na tíre ag laghdú de bharr an iomarca polasaí déine. Anois de bharr an chonartha seo caithfidh gach rialtas as seo amach na polasaithe seo a leanúint.

“Freisin sa chonradh seo tá an rialtas ag géilleadh don Aontas Eorpach gan na fiachas bainc a athstruchtúrú. Beidh ar an tír seo gach ceann de na fiachais príobháideacha a aisíoc. Caithfimíd €3.1 billiún a aisíoc ar Anglo Irish Bank gach bliain go dtí ar laghad 2022.

“Is cailliúint flaithis é seo freisin. Dúirt an Taoiseach Enda Kenny mar chuid dá óráid teilifíse cúpla seachtain ó shin go bhfuil sé ag iarraidh flaitheas na tíre a thabhairt ar ais ach a mhalairt atá ag titim amach leis an gconradh seo.

“Baineann an rud seo le daonlathas na tíre seo. Cúpla bliain ó dhiúltaigh Fianna Fáil fothoghcháin a thabhairt do mhuintir Dhún na Gall thiar theas. Anois tá an rialtas ag diúltú deis a thabhairt do mhuintir na hÉireann vótáil ar an ábhar tábhacht seo.

“Táimid ag fáil comhairle dlíthiúil ag an nóiméid agus má tá aon seans againn tógfaimid dúshláin ós comhair na Cúirte Uachtaraigh chomh luath agus is féidir linn.”

Connect with Sinn Féin