Sinn Féin - On Your Side

Ionsaí míchothrom ag an Rialtas ar scoileanna tuaithe – Ó Clochartaigh

22 February, 2012


Tá na scoileanna tuaithe mar íobartaigh ag an Rialtas sa gcúlú atá fógartha acu maidir le ciorruithe do scoileanna DEIS, a dúirt urlabhraí Shinn Féin ar Chúrsaí Tuaithe sa Seanad, Trevor Ó Clochartaigh inniu. Bhí an Seanadóir as Gaillimh Thiar ag labhairt ar fhoilsiú an athbhreithniú ar na scoileanna DEIS a foilsíodh inné, a chuir stop leis na ciorruithe i scoileanna DEIS cathrach ach ní sna scoileanna DEIS tuaithe.

“Ba bhreá liom a bheith tar éis teacht isteach anseo ag fáiltiú roimh an athbhreithniú ar na scoileanna DEIS ach tá sé deacair sin a dhéanamh nuair atá ciorruithe éagcothrom dhá dhéanamh ar na scoileanna tuaithe go fóill. Cé gur céim chun cinn é go bhfuiltear le 235 post a choinneáil sna scoileanna DEIS banda 1 agus 2 sna ceantair urbacha is mór an náire don Rialtas é nach bhfuil na ciorruithe DEIS ar fad le cur ar ceal agus go bhfuil an tAire ag ligean don tua titim go neamhthrócaireach ar na scoileanna tuaithe.

“Gearrfar 192 post, ó bhunscoileanna taobh amuigh de bandaí DEIS 1 agus 2 agus ó iarbhunscoileanna DEIS, cuid mhaith acu amuigh faoin dtuath agus caillfidh suas le 73 scoil go náísiúnta múinteoir ó Meán Fómhair 2012.

“Tá buille breise dhá bhualadh ar scoileanna na tuaithe go deimhin ós rud é go bhfuil gearradh breise anois ar an deontas caipitíochta a fhaigheann siad le n-íoc as an cúlú seo. Cén fáth nár dhírigh siad ar na scoileanna príobháideacha, formhór acu sna Dáilcheantair atá ag an Tánaiste agus ag an tAire Oideachais a fhaigheann suas le €100m go bliantúil mar mhaoiniú Stáít? Níl aghaidh tugtha aige ach an oiread ar an mbagairt atá ann do na scoileanna 1 go 4 oide.

“Tá mé ag iarraidh díospóireacht ar bhonn práinne leis an Aire Oideachais, Ruairi Quinn TD ar an ábhar seo, mar gur cosúil nach dtuigeann sé ar chor ar bith na h-impleachtaí a bheidh ag na ciorruithe seo agus san iarracht atá déanta aige a chomhleacaithe cathrach ó pháírtithe an Rialtais a chiúiniú, nach bhfuil sé ag deileáíl leis na scoileanna tuaithe ar an mbunús cothrom céanna. Ní féidir linn ligean leis seo a dhéanamh. In ainneoin a gcuid plámáis agus dea-chaint ar fad tá sé ríshoiléír gurb í seo ceann de na Rialtas is frith-tuaithe a bhí againn i stair an Stát seo.”

Connect with Sinn Féin