Sinn Féin - On Your Side

Níl stad ar stádas go fóill Bertie

3 June, 2004


Dúirt Piaras Ó Dochartaigh inniu go raibh sé "dochreidte" nach raibh an Rialtas ag déanamh a dhícheall chun bheith cinnte go mbeadh stádas oifigiúil oibre ár dteanga féin san Aontas Eorpach, go mór mór roimh deireadh Uachtaránacht Éireannach an Aontais Eorpaigh. Dúirt Ó Dochartaigh:

"Tá a fhios agam gur cuirtear ceist ar an Taoiseach inné faoi dul chun cinn an Rialtais maidir le stádas na Gaeilge tar éis rúin a bhí rithe níos luaithe sa bhliain sa Dáil agus sa Seanad. Ach, fiú go bhfuil tacaíocht ó gach coirnéal sa tír don stádas seo, agus toradh na rúin sin, tá an Taoiseach fós ag iarraidh éalú ón ábhar arís.

"Tá díomá agus fearg orm go bhfuil sé agus an Rialtas ag iarraidh daonlathas muintir na tíre seo a dhiúltú. Tá sé dochreidte go ndeireann an Taoiseach nach raibh sé ina chainteanna le cinnirí tíortha eile an AE ach ag lorg stádas na Gaeilge faoi láthair san Aontas a fheabhsú. Ní raibh sé ag lorg stádas oifigiúil oibre iomlán toisc go mbeadh "deacrachtaí praiticiúila" leis. Cad iad na deachrachtaí sin?

"Dúirt anTaoiseach freisin go mbeadh fadhbanna do seirbhísí aistriú san AE agus go gcaithfí tacaíocht iomlán a fháil ó na ballstáit eile. Ní fíor an freagra sin, má tá fadhb ag ballstáit eile, is féidir leo cur i gcoinne an stádas ach níl aon fáth ann go mbeadh fadhb acu mar tháinig deich stáit nua istigh ar an 1ú Bealtaine leis a gcuid dteangacha agus ni raibh focal ó aon tír - Éireann san áireamh, ag gearán faoi seo.

"Cad is fiú an Coiste a bunaíodh chun an cest a chiaradh nuair nach bhfuil an Taoiseach sásta fanacht ar a thuairisc sin fiú. Tá níos lú ná mí fágtha ag an Taoiseach i ról Uachtarán an Aontais Eorpaigh. Ba chóir go mbeidh náire air go deo má theipfidh air aitheantas a theanga oifigiúil a bhaint amach i rith na míosa sin." DEIREADH

Connect with Sinn Féin