Sinn Féin - On Your Side

Cinsireacht smachtúil ar ghníomhaígh Gaeilge – Doherty

17 July, 2012 - by Pearse Doherty TD


Labhair Teachta Dála Shinn Féin do Dhún na nGall Thiar Theas, Pearse Doherty amach go láidir in éadán an ‘chinsireacht smachtúil náireach’ a táthar a dhéanamh ar ghníomhaígh Gaeilge áitiúil agus feachtasóir de chuid Ghuth na Gaeltachta Dónall Ó Cnáimhsí.   

Bhí an Teachta Doherty ag tagairt do thuairiscí sna meáin inniú go bhfuair an tUasal Ó Cnáimhsí, garraíodóir i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, litir oná fhostóirí sa Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta i ndiaidh do an Bille Gaeltachta atá ag dul trí Thithe an Oireachtais a cháineadh. 

Deir an litir “go mbéidir gur sháraigh” an tUasal Ó Cnáimhsí a chuid tearmaí fostaíochta trí labhairt amach in aghaidh an Bhille, Bille a chreideann grúpaí Gaeltachta agus Teachtaí Dála an fhreasúra a táthar ag sciurdadh go gasta trí an Dáil gan go leor plé nó díospóireachta. 

Ag labhairt ó Theach Laighean inniu dúirt an Teachta Doherty:

“Tá sé go hiomlán dochreidte go ndéanfaí seo le duine mar Dónall Ó Cnáimhsí atá feicthe mar churadh na Gaeilge, go gcuirfí bac air a chuid tuairimí a nochtadh faoin cheist seo atá chomh tábhachtach do thodhchaí na teanga.  Tá an chinsireacht smachtúil seo uafásach agus náireach. 

“Ag an tráth seo agus saoránaigh á spreagadh chun páirt a ghlacadh sa phróiséas dhaonlathach, i ndáiríre tá boladh bréan na fimíneachta as go ndéanfaí bagairt mar seo ar phost duine mar gheall air labhairt ar son a theanga. 

“Is eagraíocht í Guth na Gaeltachta a bhfuil obair Thraíoch déanta aici ar son na teanga.  Murach an obair seo agus obair eagraíochtaí cosúil léi, bheadh an cás na Gaeilge i staid i bhfad níos measa.  In áit na cinsireachta smachtúla seo, is altú agus buíochas as a n-iarrachtaí an teanga a shlánú agus a chaomhnú atá tuillte acu ón Stáit. 

 “Tá ceisteanna le freagairt anseo.  Is deacair a chreidiúint go dtáinig an litir seo ó oifigeach sa Roinn atá i bhfad ar shiúl ó Dhún na nGall.  Tá sé deacair a chreidiúint fosta go ndéarna oifigeach Acmhainní Daonna an ceangail idir Dónall Ó Cnáimhsí a labhair ar Raidió na Gaeltachta agus “Mr Bonner” ar seoladh an litir chuige.  Cén t-eolas a bhí ag an Aire Stáit faoin litir seo? Cé atá taobh thiar dí?

“Tá mé ag glaoch ar an Aire Stáit McGinley cinnte a dhéanamh de go dtarraingeofar siar an litir seo agus go ngabhfar leithscéal leis an Uasal Ó Cnáimhsí láithreach”

Connect with Sinn Féin