Sinn Féin - On Your Side

Iarann Adams an Bille Gaeltachta a tharraingt siar

18 July, 2012 - by Gerry Adams TD


Dúirt Uachtarán Shinn Féin agus TD an Lú Gerry Adams go bhfuil an rialtas ag déanamh “neamhaird iomlán ar imní phobail na Gaeltachta agus ar imní eagraíochtaí Gaeilge trí an Bille Gaeltachta atá thar a bheith lochtach a bhrostú tríd an Oireachtas”

Thóg ceannaire Shinn Féin an cheist seo le linn Ceisteanna na nAirí sa Dáil ar maidín inniu agus ghlaoigh sé ar an Taoiseach bille aon-líne a chuir tríd a chuirfeadh toghchán an Údaráis siar ar feadh sé mhí sa dóigh is go mbeadh faill díospóireacht níos doimhne a bheith déanta ar an Bhille Gaeltachta féin i ndiaidh briseadh an tSamhraidh. Dhiúltaigh an Taoiseach seo a dhéanamh.

Dúirt an Teachta Adams:

“Tá an Bille a bhfuil sé beartaithe ag an rialtas glacadh leis tráthnóna amárach cáinte go forleathan ag grúpaí Gaeilge agus ag páirtithe an fhreasúra. Tá siadsan ag iarraidh an bille a tharraingt siar sa dóigh is gur féidir proiséis cheart chomhairliúchán a bheith ann chun leasuithe thomhaiste agus chiallmhara a dhéanamh air.

Tá cuir chuige an Rialtais i dtabhairt isteach an Bhille seo trom-lámhach agus constaiceach.

Teipeann ar an Bhille seo an Ghaeilge a chosaint nó straitéis dhearfach a chinntiú do fhás na Gaeilge sa todhchaí. Má dhaingnítear é san fhoirm ina bhfuil sé faoi láthair cuirfidh sé dlús le meath na Gaeltachta.

Cuirfidh sé deireadh go háirithe le cearta phobail na Gaeltachta ionadaíocht dhaonlathach a bheith acu ar Údarás na Gaeltachta agus cruthóidh sé Quango eile nach mbeidh ionadaíoch ar mhuintir na Gaeltachta.

Connect with Sinn Féin