Sinn Féin - On Your Side

‘Tá sé in am don Rialtas a bheith ionraic faoi athbhreithniú ar ardaithe cíos amháin.’

30 July, 2012


Do ghlaoigh Peadar Tóibín, Teachta Dála An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta Sinn Féin ar an Rialtas inniu chun bheith ionraic faoi an slí ina bhfuil siad ag diúltú reachtaíocht chun deireadh a chuir le athbhreithniú ar ardaithe cíos amháin.

Dúirt Peadar Tóibín;

“Bhí sé soiléir ón ‘Sunday Business Post’ an méid stocaireacht a rinne tiarnaí talún agus forbróir maoine ar an Rialtas chun dul siar ar a réamh toghchán agus a ghealltanas maidir leis an gClár Rialtas a gheall siad chun reachtaíocht a chuir I bhfeidhm a chuireadh deireadh le athbhreithniú ar ardaithe cíos amháin.

“Ag an am, dúirt an Rialtas go bhfuair siad comhairle go mbeadh a leithéid a reachtaíocht dodhéanta, ach mar sin féin, tá siad tareis teip gach uair ar sonraí a sholáthar I dtaobh aon constaicí dleathach maidir leis an reachtaíocht. Tá gnóthaí miondíola, gnó agus vótálaithe, ar fad sáite leis an staid Kafkaesque seo ina bhfuil an Rialtas ag rá ‘no’ agus níl siad ag insint dúinn cén fáth.

“Ba choir go mbeadh sé soiléirithe go bhfuil tuairimíocht eile dlíthiúil tareis rá go bhfuil an reachtaíocht indéanta agus táim féin tareis bille a mholadh faoi seo.

“Tá cumadh ar go bhfuil an Rialtas níos mó buartha faoi riachtanais na Tiarnaí Talún agus forbróirí seachas na gnóthaí miondíola agus lucht gnó beaga atá ag teip de bharr na cíosanna iomarcach a bhí ann le linn an Tíogar Ceilteach. Tá na cíosanna seo ag tiomaint suas an costas don custaiméir agus mar sin tá poisteanna á chailliúint.

“Tá titim leanúnach ar díolacháin miondíol agus an Mhí seo chaite cuireadh 2648 lucht oibre díolacháin breise leis an beochlár. Caithfidh an Rialtas bheith ionraic go dtí na Mion díolaithe agus iad siúd atá di fhostaithe le déanaí ar cén fáth nár choimeád siad a ghealluint maidir le athbhreithniú ardaithe ar cíos amháin agus costais a ísliú don eacnamaíocht réadúil.”

ENDS

Connect with Sinn Féin