Sinn Féin - On Your Side

Fáilte roimh an Fleadh go gContae an Chabháin – Ó Caoláin

15 August, 2012 - by Caoimhghín Ó Caoláin TD


Tá fáilte curtha roimh Fleadh Cheoil na hÉireann go Contae an Chabháin ag Teachta Dála Shinn Féin Caoimhghín Ó Caoláin (An Cabhán agus Muineachán). Chuir sé fáilte chomh maith roimh an Seastán Ghaeilge atá ag Sinn Féin ag an Fleadh den chéad uair. Dúirt an Teachta Ó Caoláin:

“Arís i mbliana tá an féile cheoil is mó sa tír anseo i gContae an Chabháin agus tá fáilte mór roimh Fleadh Cheoil na hÉireann. Molaim an Coiste as an obair iontach atá déanta acu le blianta anuas chun Fleadhanna den chéad scoth a eagrú i mBaile an Chabháin.

“Cuirim fáilte speisialta roimh Seastán Gaeilge Shinn Féin atá ag an Fleadh den chéad uair i mbliana agus go hairithe roimh Oifigeach Naisiúnta Ghaeilge an phairtí Liadh Ní Riada. Tá eolas á chur ar fáil aici roimh aidhmeanna agus spriocanna an phairtí ó thaobh na Gaeilge de. Léiríonn sé seo an obair atá ar siúl ag an páirtí chun an teanga a chur chun cinn.

“Gúim gach rath ar Fleadh Cheoil na hÉireann 2012 agus tá a fhios agam go mbainfidh na céadta míle cuairteoirí taitneamh as.”

Connect with Sinn Féin