Buail isteach go dtí an seastán Gaeilge ag Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta – Sinn Féin
Beidh seastán ag an t-oifigeach Náisiúnta Gaeilge Shinn Féin Liadh Ní Riada ag an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta don chead uair i mbliana.
Deir Ní Riada:
“Táim ann chun tacú lenár dteanga dúchasach agus eolas a scaipeadh agus a thabhairt dóibh siúd go bhfuil suim acu i gcúrsaí Gaoluinne.
“Mar Pháirtí tá Sinn Féin go mór i bhfabhar tacaíocht a thabhairt do Ghaeilgeoirí agus muintir na Gaeltachta chun a chinntiú go bhfuil forbairt agus borradh ar ár gcultúr chomh maith lenár n-oidhreacht teanga a chosaint.’
Beidh Sinn Féin i láthair go láidir i mbliana, i measc na baill beidh Martin McGuinness, Martina Anderson, Martin Ferris agus Trevor O’ Clochartaigh. Is seans a bheidh ann don phobal bualadh isteach agus caint lena urlabhraí faoi chúrsaí reatha na Tíre agus a gcuid turaimíocht a nochta agus phlé leis an bpobal.
CRÍOCH