Sinn Féin - On Your Side

Tá ár dteanga dhúchais lárnach inár bhféiniúlacht Gaelach, inár n-oidhreacht agus inár dtodhchaí

13 April, 2013


Is é athghabháil na Gaeilge, athghabháil na hÉireann.

Agus, Is é athghabháil na hÉireann, slánú na Gaeilge.

Tá na focla sin níos tábhachtaí anois ná an chéad uair a dúirt an fathach poblachtánach Máirtín Ó Cadhain iad.

Is slat tomhais maith é cé chomh folláin is atá an teanga, ar ár bhflaitheas agus seasamh mar náisiúin agus cé go bhfuil go leor dul chun cinn dearfach déanta le blianta anuas de bharr gníomhaíocht phobail agus stocaireacht leanúnach, níl aon dabht ná go bhfuil an Rialtas ó dheas ag déanamh scrios damanta ar ár dteanga dúchais agus caithfidh muid stop a chuir leo.

Tá neart baothchaint ag Dinny McGinley agus a chuid comhleacaithe faoi bheith báúil don Ghaeilge, ach ní ionann caint agus gníomh. Tá siad ag déanamh ceap magaidh don Straitéis Fiche Bliain leis an gcur chuige ‘a la carte’ atá acu – ag fágail cuid de na gníomhartha is tábhachtaí ar lár agus ag cruthú bréagscéimenna cosúil leis na pacáistí tacaíochta teaghlaigh, nó ‘lucky bags’ na Gaeilge mar a thug deagóir amháin orthu le déanaí.

Tá ionsaí dhá dhéanamh ar neamhspleáchas COGG agus ar Oifig an Choimisinéara Teanga. Ta Alan Shatter ag lagú na riachtanais a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Tá Bille nua Gaeltachta leathbhruite againn, gan aon airgead bhreise len é a chuir i gcrích agus an dualgas curtha ar an bpobal i bhfad níos mó a dhéanamh, ar i bhfad nios lú acmhainní.

Tá an Roinn Oideachas naimhdeach don Ghaeilge & don Ghaeltacht agus sin le sonrú sna beartais a bhaineann le coibhneas múinteoirí & daltaí, oiliúint ábhar oidí, forbairt churaclam agus pátrúnacht scoileanna.

Caithfidh Sinn Féin an fhimínteacht seo a chloí. Caithfidh muid cinntiú go gcuirfear an

Straitéis Fiche Bliain i bhfeidhm ina iomláine, le rannpháirtíocht na geallsealbhóirí go léir agus leis na hacmhainní cuí chuige sin.

Molaim an sár-obair atá ar bun sa gcomthionóil ag an Aire Caral Ní Chuilinn agus a foireann maidir le Liofa 2015 – feachtas gur cheart leathnú ar fud an oileán. Agus, an réamhobair i dtreo Acht Ghaeilge ó Thuaidh. Ach, caithfidh an dá Rialtas dlús pholaitiúil a chuir taobh thiar den Acht sin le go dtarlóidh sé - mar a gealladh i gComhaontú Chill Rímhínn.

Ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt freisin d’oifigeach Ghaeilge an pháirtí seo, Liadh Ní Riada, atá ag oibriú go dian, dícheallach le comhordnú a dhéanamh ar chuir i bhfeidhm polasaí Gaeilge ár bpáirtí. Ach, ní féidir léí é a dhéanamh aisti féin a chairde.  Caithfidh gach duine againne ról níos gníomhaí a ghlacadh san obair seo. Ní leor deá-mhéin - caithfidh muid deá-shampla a thabhairt, ag gach leibhéal d’obair an pháirtí agus ar na h-árdáin phoiblí agus cumarsáíde ar fad atá againn.

Caithfidh Sinn Féin leanúint don cheannródaíocht ar an gceist seo, mar níl aon pháirtí eile chun é a dhéanamh. Agus, tá ár dteanga dhúchais lárnach inár bhféiniúlacht Gaelach, inár n-oidhreacht agus inár dtodhchaí.

Caithfidh muid plean gníomhaíochta uile oileánda a chuir i bhfeidhm, i gcomhair leis na pobail Ghaeilge - a chinnteoidh todhchaí geal don dteanga is ársa ar domhan. 

B’fhíor don Chadhnach - caithfear an Ghaeilge a athghabháil, mar chuid d’athghabháil na hÉireann. Agus caithfear sin a dhéanamh gan náire, gan leithscéal. Go luath seachas go mall.

Agus tá ról le n-imirt againn ar fad san athghábháil sin.

Connect with Sinn Féin