Sinn Féin - On Your Side

Galway Labour Representatives must stop propping up our Tory Government – Ó Clochartaigh

16 April, 2013


Galway Senator Trevor ó Clochartaigh has reiterated the demand made by the Sinn Féin President Gerry Adams at the party’s Ard Fheis in Castlebar last weekend for Labour to stop propping up the Fine Gael government in implementing Fianna Fáil’s austerity policies.

During his keynote address to delegates, Gerry Adams TD lambasted the current government’s adherence to austere economic and social policies and called on Labour to pull out of the coalition with Fine Gael. He said Labour should let them go into coalition with Fianna Fáil if they wish, to implement their failed economic model, but that he believed the current arrangement was not what ordinary Labour supporters want, or voted for.

In an appeal to local Labour representatives, ó Clochartaigh stated, “Local councillors rightly showed their unease with the Government by recently passing motions at council level calling for cutbacks to be reversed. They must follow that up with action and withdraw their support for this ‘Tory’ government immediately if they are to maintain their credibility as public representatives”.

“I am aware of many local grassroots Labour supporters who are fed up with the direction the party has taken since coming into government. A real Labour party, like that envisaged by James Connolly and Jim Larkin would not oversee the implementation of such cruel, regressive policies and would not be the common sense coalition partner for a party like Fine Gael”.

“This is not about political point scoring but a genuine belief that the direction currently pursued flies in the face of fairness and logic. Prior to the last general election, the Labour leadership spoke of equality and radical reform and were given an electoral mandate by the people of this State. Since that time, they have become Fine Gael’s political lapdogs and have abandoned any sort of left wing principal.”

“I say all this with an acknowledgment and an understanding of the dire economic realities of our time. However, I am also fully aware that an alternative economic model exists as proposed by Sinn Féin. Such a position shares much common ground with core Labour policy. But they are not seeing it being implemented and it is time to call a halt”.

“Over the course of the past week we have heard much analysis pertaining to the death of Margaret Thatcher. Although Thatcher is dead, Thatcherism is alive and well and lives on in the form of modern day Irish governance. I am calling on Derek Nolan TD and all Galway Labour councillors to recognise this grim reality and tell their party leadership to leave the Fine Gael coalition, or that they will withdraw their support.”

Preas Ráiteas – Le scaoileadh láithreach


Caithfidh an Lucht Oibre na Gaillimhe tarraingt amach as ár Rialtas ‘Tory’ seo – Ó Clochartaigh

Tá aird tarraingthe ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ar an méid a bhí le rá ag Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, ag an Ard Fheisa bhí ar siúl i gCaisleán an Bharraigh, an deireadh seachtaine seo caite, chun go stopfaidh páirtí an Lucht Oibre ag tabhairt tacaíocht d’Fhine Gael ó thaobh a bheith ag cur polasaithe déine Fhianna Fáil i bhfeidhm.

Le linn a óráide, cháin Gerry Adams an Rialtas reatha, ó thaobh cloí le beartais déine eacnamaíochta agus sóisialta agus d'iarr ar an Lucht Oibre tarraingt amach as an gComhrialtas le Fine Gael. Dúirt sé gur chóir do pháirtí an Lucht Oibre ligean dóibh dul isteach igComhrialtas le Fianna Fáil, más mian leo leanúint den múnla lochtacheacnamaíoch céanna, ach gur chreid sé nach é an socrú atá ann faoi láthair an socrú a sheas lucht tacaíochta an Lucht Oibre dó, ná ar vótáil siad ar a shon.

Dúirt Ó Clochartaigh, is é ag impí ar ionadaithe poiblí an Lucht Oibre, “Chun an ceart a thabhairt do Chomhairleoirí Áitiúla an pháirtí, thaispeáin siad a mí-shásamh leis an Rialtais le gairid ag leibhéal comhairle, ag impí ar an Rialtas na ciorruithe a iompu ar ais. Níor mhór dóibh anois beart a dhéanamh de réir briathar agus tarraingt siar láithreach as an tacaíocht don Rialtas ‘Tory’ atá againn, má tá siad chun creidiúint a choinneáil mar ionadaithe poiblí”.

‘’Tá a fhios agam go bhfuil roinnt mhaith do lucht tacaíochta an Lucht Oibre atá tinn tuirseach leis an treo atá an páirtí ag dul ó chuaigh siad i mbun Rialtais. Ní chuirfeadh fíor Pháirtí Lucht Oibre, ar nós mar a shamhlaigh James Connolly agus Jim Larkin é, suas le polasaithe uafásacha mar atá dhá chur i bhfeidhm anois agus ní bheadh siad mar chéilí leapain i Rialtas le Páirtí ar nós Fine Gael na linne seo”.

“Níl baint dá laghad aige seo le pointí pholaitiúla a scóráil, ach go bhfuil sé soiléir nach bhfuil ciall ar bith leis an treo atáthar dul i láthair na huaire agus níl sé ceart ná cothrom. Roimh an Olltoghchán deiridh labhair cheannasaíocht Pháirtí an Lucht Oibre faoi chomhionannais agus athchóiriú agus thug muintir na tíre seo údarás toghchánach dóibh sin a chuir i gcrích, ach theip orthu. Ó shoin i leith, tá siad mar a bheadh peata madra ag Fine Gael agus tá bunphrionsabail na heite clé caite i dtraipisí acu”.

“Táim á rá seo agus tuiscint mahith agam faoin drochbhaill atá ar chúrsaí eacnamaíochta i láthair na huaire. Ach, tá fhios againn go rímhaith go bhfuil roghanna eile curtha chun cinn ag Sinn Féin. Roghanna atá comónta go maith le polasaithe an Lucht Oibre. Ach, níl a lucht tacaíochta dhá fheiceáil go bhfuiltear á gcur i bhfeidhm agus iad ag cailleadh tacaíochta dá réir”.

“Le seachtain anuas tá anailís cloiste againn maidir le bás Margaret Thatcher. Cé go bhfuil Thatcher ar shlí na fírinne, tá ‘Thatcherism’ beo beathaíoch go fóill - go háirithe ó thaobh polasaithe Rialtais in Éirinn le blianta beaga anuas. Táim ag impí ar an Teachta Dála Derek Nolan agus ar Chomhairleoirí an Lucht Oibre i nGaillimh aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne seo agus a rá le ceannairí an pháirtí eirí as an gcomhrialtas le Fine Gael, nó go dtarraingeoidh siad siar a dtacaíocht féin dóibh’’.

Connect with Sinn Féin