Sinn Féin - On Your Side

Úsáidfidh Shatter cumhachtaí nua frithsceimhlitheoireachta le linn an G8 más gá – Ó Clochartaigh

12 June, 2013


Tá sé deimhnithe ag an Aire Dlí, Comhionnanas & Cosanta, Alan Shatter, go n-úsaidfidh sé cumhachtaí nua frithsceimhlitheoireachta ar glacadh leo an tseachtain seo, le linn tionól an G8 an deireadh seachtaine seo, más gá.

“Dúirt an tAire an méid seo i bhfreagra ar an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh le linn díospóireachta sa Seanad ar an mBille um Cheartas Coiriúil. Is bille é seo a chuireann le cumhachtaí na nGardaí ó thaobh dul i ngleic le sciúrseáil airgid agus contúirti sceimhlitheoireachta.

“Tá tuairimaíocht ann gur thug an tAire an reachtaíocht seo chun cinn mar gheall ar thionól an G8 a bheith ag teacht aníos’, a deir Ó Clochartaigh, atá mar urlabhraí sóisearach Dlí, Comhionannas & Cosanta ag Sinn Féin. ‘D’fhiafraigh mé dhe an bhfuil aon fhaisnéis faoi leith aige go bhfuil fíor chontúirt ann go ndéanfar ionsaí sceimhlitheoireachta le linn tionóil sin na gceannairí ar an bhFear Manach? Deir sé nach bhfuil, ach nár mhór a bheith ar an airdeall.

“Dúirt an tAire gur láimhseáil na fórsaí cosanta 98 cas i 2012 de ghorais a raibh amhras futhú gur buamaí a bhí iontu agus in ainneoin comhaontú Aoine an Chéasta a bheith i bhfeidhm le cúig bhliana déag go bhfuil fior chontúirt ann agus dáa bhrí sin go gcaithfí cur le cumhachtaí an Stát sa réimse seo ar mhaithe le beatha daoine a chosaint.

“Luaigh sé, mar shampla, go bhfuil sé tábhachtach go bhféadfadh an tAire Dlí ordú a thabhairt le gréasáin fóin póca a mhúchadh sa chás is go gceaptar go n-úsáidfear iad le buama a scaoileadh”, a deir Trevor Ó Clochartaigh.

“D’fhiafraigh mé don Aire Shatter cé a thabharfadh le fios dó go raibh a leithéad de chontúirt ann? An bhfuil baol ann gur seirbhísí eachtracha faisnéise, macasamhail an CIA a déarfadh seo leis, nó cé h-iad. Dheimhnigh sé dom nach bhfeidhmeofaí na cumhachtaí nua ach amháin ar threoir ó Leas Choimisinéir Gardaí agus cé go bhfuil comhoibriú leanúnach idir na Gardaí, an tArm, an PSNI agus a gcomhleacaithe eachtracha, go bhfeidhmeofaí go dlúth laistigh de chumhachtaí na reachtaíochta nua”, a deir an Clochartach.

“Is cumhachtaí iontach láidre iad seo agus ní mhór d’aon Aire gan iad a úsáid ach i gcásanna iontach eisceachtúla agus gan aon bhrú míréasúnach a ghlacadh ó fhórsaí lasmuigh den Stát”, a deir Seanadóir Ghaillimh Thiar.

CRÍOCH

Connect with Sinn Féin