Sinn Féin - On Your Side

Coiste Comhaontú Aoine an Chéasta - O'Clochartaigh

14 June, 2013


Mar Pháirt de na comhaontuithe ag éirí as Comhaontú Aoine an Chéasta, d’aontaigh rialtais na hÉireann agus na Breataine ar Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart chun cearta agus chur chun cinn teanga na Gaeilge a chosaint.

Dhírigh ghníomhaithe Gaeilge éagsúla ón Tuaisceart ar an gcruinniú.

Ag labhairt tar éis an cruinniú, dúirt Seanadóir Trevor O’Clochartaigh:

‘Thiomnaigh an dhá rialtais le Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm sa tuaisceart mar pháirt de na comhaontuithe ag éirí as Comhaontú Aoine an Chéasta. Déanfaidh an acht cearta muintir na Gaeilge a chosaint agus cuirfidh sé chun cinn an teanga mar a tharla sa deisceart mar aon le teangaí dúchais na hAlbain agus an Bhreatain Beag.

Is linn go léir an Ghaeilge agus is páirt í d’ár n-oidhreacht coitianta. Is ceist cothroime é seo agus trial tiomanta na pháirtithe polaitíochta le meas ar éagsúlacht chultúrtha an sochaí. Caithfidh gur bhun phrionsabail an sochaí iad cothromas agus meas.

Dúirt Conor Murphy MP:

‘Bhí díospóireacht an-mhaith agus fadréimseach againn inniu faoi ceist Acht na Gaeilge den Tuaisceart. Chualamar imní an phobail aontachtaigh agus ionchas agus dóchas ghníomhaithe Gaeilge. Ní cóir féachaint ar chosaint agus cur chun cinn an teanga mar bagairt ar féiniúlacht ar bith eile. Níl i gceist ach cothromas agus meas a fhorbairt. Bhí ceist an acht rite ag an dhá rialtais, agus, b’éigean na comhaontuithe a chur i bhfeidhm chun a luach a shlánú.

Tá sé soiléir gur b’éigean dóibh atá i gcoinne an acht bheith i dteagmháil, a imní a imlíniú agus bheith páirteach don díospóireacht ar an saghas acht a bhfuil de dhíth chun chomhaontú na rialtais a shlánú. Ní chóir d’aon phobal dul chun cinn mar seo a dhiúltú.

D’iarr Seanadóir O’Clochartaigh ar an Taoiseach an cheist a chur chuig rialtas na Bhreataine agus chun straitéis a fhorbairt chun a chinntiú gur reachtaítear an Acht i Westminster nó an Tionól Thuaisceart Éireann.

D’iarr sé freisin ar rialtas na hÉireann chun a chinntiú go leanfar ar aghaidh le maoiniú a chur ar fáil den Chiste Craoltóireachta Gaeilge mar a léirítear i gComhaontú Aoine an Chéasta.

D’ardaigh O’Clochartaigh ceist maoiniú ón Chiste Síochána chun tuiscint agus glacadh le teanga na Gaeilge.

Connect with Sinn Féin