Sinn Féin - On Your Side

Ó Clochartaigh ag iarraidh go dtabharfar maoiniú don dteicneolaíocht Art Assist ar ais láithreach

2 July, 2013


Tá Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh ag iarraidh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an maoniú don dteicneolaíocht Art Assist a thabhairt ar ais láithreach, cóir leighis a shábhálann beatha, géaga agus airgead.

Ag labhairt dó tráthnóna, deir an Seanadóir Ó Clochartaigh;

“Chuir an FSS deireadh leis an maoiniú don dteicneolaíocht Art Assist fad is a bhí athbhreithniú dhá dhéanamh ag HIQA mar go ndúradar nach raibh dothain cruthúnas ann go n-oibríonn an chóir leighis.

“Rinne an Máinlia Comhairleach Soithíoch agus Ion-soithíoch an tUasal Sherif Sultan, atá lonnaithe i nGaillimh cur i láthair ar an ábhar seo i dTeach Laighean cúpla mí ó shoin.

“Tá toradh iontach ag an gcur chuige seo dár leis agus bhí an-díomá air gur ghearr an FSS an maoiniu faoi réir athbhreithnithe.

“Léiríonn athbhreithniú HIQA 'in ainneoin roinnt torthaí dearfacha ar thionchar an comhbhrú neomatach eadrannach ar dhaoine le drochghalair artaireach forimeallach in othair nach bhfeileann athshoithíochú dóibh, go bhfuil gá le tuilleadh triailacha d'ardchaighdeán chun a éifeacht a léiriú go cinnte.'

“Deir an tuairisc nach bhfuil 'aon drochthoradh dáíríre' ó bheith ag úsáid an teicneolaíocht agus léirigh staidéar amháin ar líon bheag othair go bhféadfadh an cóir leighis seo a bheith bainteach le slánú géaga, cneasú créachtaí agus bainistiú pian.

“Tá sé soiléír go bhfuil dochtúirí áírithe breá sásta an teicneolaíocht seo a úsáid agus go gcreideann siad go mbíonn toradh iontach dearfach aige ar shláinte othair chomh maith le ualach mór airgid a shábháíl don seirbhís sláinte sa bhfadtéarma chomh maith.

“D'fhéadfaí seo a chuir i gcomparáid leis an gcleachtas atá ann chun drugaí trialacha a úsáid le dul i ngleic le hailse, cleachtas a bhfuil cuid mhaith cainte faoi le déanaí.

“Dá bhrí sin tá mé ag impí ar an Aire Sláinte agus an FSS cead a thabhairt chun an teicneolaíocht seo a úsáid agus maoiniú a thabhairt dá réir, mar chuid de chlár leanúnach taighde a chuideodh chun an eolas uilíoch a theastaíonn le éifeachtúlacht an chóir leigheas seo a dheimhniú, mar atá iarrtha ag HIQA.”

ENDS

Connect with Sinn Féin