Sinn Féin - On Your Side

Buiséid 2014: FG & LO ag leanúint polasaithe ciorruithe don Ghaeltacht a thosaigh Fianna Fáil – Ó Clochartaigh

15 October, 2013


Ag labhairt inniu maidir le buiséad 2014, dúirt Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil buille eile buailte ag an rialtas ar phobal na Gaeilge & na Gaeltachta leis an bhuiséid agus iad ag leanúint an patrún a leag Fianna Fáil síos rompu.

Dúirt Seanadóir Ó Clochartaigh:

“Ag am nuair ba chóir go mbeifí ag infheistiú breis airgid maidir le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht tá gearradh siar eile déanta ar chistí Údarás na Gaeltachta chuige sin.

“Le roinnt blianta anuas tá an maoiniú atá ag an Údarás le fostaíocht a chruthú gearrtha ó €26m go dtí €5.8m i mbliana. De réir tuairisc Indecon tamall siar theastaigh ar a laghad €12m in aghaidh na bliana leis na jabanna atá ann a chaomhnú, gan trácht ar jabanna nua a chruthú.

“Tá gearradh €1.3m le gearradh ó na heagrais Ghaeilge agus na scéimeanna a riarann siad, chomh maith le €2.1m gearrtha ó na heagrais Thuaidh Theas freisin.

“Is maith an rud go bhfuil leath mhilliúin euro curtha i leataobh don Straitéis Fiche Bliain, ach is í an cheist atá ann ná le ciorrú ginearálta de 5% sa Roinn cé as a dtarraingeofar an t-airgead sin agus cé bheidh thíos leis?

“Ba chóir don Aire Gaeltachta deimhniú anois chomh maith nach mbeidh sé ag baint don fhoirdheontas maidir leis an seirbhís aer go hÁrainn sna blianta atá romhainn agus go gcaithfear cuid den airgead atá dhá chuir i leataobh do Chomóradh 2016 le Ionad Mínithe Theach an Phiarsaigh a thógáil i Ros Muc chomh maith.

“Ba mhór an náire don Rialtas é áfach, nár cuireadh leagan Gaeilge de na cáipéisí buiséid ar fáil ag an am céanna leis na cinn i mBéarla agus freisin gur dhiúltaigh Páirtí an Lucht Oibre urlabhraí le Gaeilge a chuir ar fáil ar chlár anailíse Raidió na Gaeltachta ar an gcáinfháisnéis. Is léíriú eile é seo ar an drochmheas atá ag an Rialtas seo ar an nGaeilge agus an bpobal a labhrann í.”

CRÍOCH

Connect with Sinn Féin