Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh an Aire cúlú a dhéanamh ar ciorraithe go dtí ESG – Doherty

22 October, 2013 - by Pearse Doherty TD


Tá Teachta Pearse Doherty tar éis an Aire Gaeilge agus Gaeltachta a cháineadh de bharr cinneadh an Aire deireadh a chur le maoiniú do Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta tar éis Mí na Nollag.

Ag labhairt inniu le linn ceisteanna go dtí an aire, dúirt an Teachta ó Dhún na nGall Thiar-Theas, go mbeidh an tionchar ag an cinneadh seo ar oideachas i scoileanna Gaeltachta.

“Tá go leor imní ar pobail na Gaeltachta toisc go bhfuil Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta le dul ar scor, agus is mór an buile é seo do cúrsaí oideachas sa ghaeltacht. Ní gá dom a rá leis an Aire nach aon Oideachas trí mheáin na Gaeilge, agus oideachas sa Ghaeltacht. Tá cosúlachtaí ann cinnte, ach tá cur chuige faoi leith ag taisteáil.

“De réir an Aire ní raibh aon dul chun cinn déanta ó thaobh an chomhnascadh atá le tarlú idir ESG agus Gaelscoileanna, ach de réir ESG, bhí go leor plé, agus go leor dul chun cinn sa treo sin. De réir ESG is ar an Roinn agus an Foras a bhí an dualgas orthu na céad céimeanna eile a thógáil, agus go raibh siad ag tarraingt a gcos.

“ Tá an Aire ag iarraidh a chur ina luí chomh maith go bhfuil baint ag an ceist seo leis na na socruithe nua maoinithe atá aontaithe ag Foras na Gaeilge agus an chomh-aireacht thuaidh theas.

“Ag fágáil i leathtaobh nach eagraíocht bun mhaoinithe sa chiall sin í ESG, bhí pobail na Gaeilge, agus sílim, baill an Foras de thuiscint go mbeadh ceann eagras ann a bheadh freagrach as oideachas trí mheáin na Gaeilge. Ní raibh aon trácht ar oideachas sa Ghaeltacht a bheith faoi bhun an sáin réim seo.

“Ardaíonn sé sin an cheist an athrú é seo ar an critéir do na sáin réimeanna, agus an raibh plé ag an Aire leis an bhforas i dtaobh cé a bheadh freagrach as oideachas sa Ghaeltacht, agus todhchaí ESG?

“Má leanann an aire leis seo, caillfear go leor saineolas agus taithí le bheith ag deighleáil le Oideachas na Gaeilge. Ba chóir don aire ról tógálach sa cheist seo a ghlacadh, in ionad an cur cúige mí-fhoighneach gearr radharcach seo.”

Connect with Sinn Féin