Sinn Féin - On Your Side

An tAire McGinley ag éalú ó díospóireacht faoin gCoimisinéir - Ó Clochartaigh

11 December, 2013


Ag labhairt sa Seanad ar maidin, d'iarr Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh arís go mbeadh díospóireacht mar ábhar phráinne leis an tAire McGinley faoi éirí as an Choimisinéir Teanga.

Deir Ó Clochartaigh:

“D'iarr mé sa Seanad arís inniu go mbeadh díospóireacht mar ábhar phráinne leis an Aire McGinley faoi éirí as an Choimisinéir Teanga

“Diúltaíodh inné don díospóireacht.

“Tá amhras orm nach dtuigeann an rialtas chomh tromchúiseach is atá an cheist seo.

“Is ag leibhéal Ombudsman atá an Coimisinéir Teanga ag feidhmiú faoi shéala ón Uachtarán.

“Tá sé ag éirí as de bharr easpa tacaíochta agus gníomhaíochta ón Rialtas.

“Seo an chéad uair ariamh gur éirigh Ombudsman as sa tír seo ar an mbunús seo; tá sé sin scannalach.

“Tá an tAire McGinley ag labhairt leis na meáin, ag plé ábhair eile sa Seanad ar son Airí eile agus tá an Rialtas ag diúltú an ábhar fíor-tábhachtach seo do phobal na Gaeilge a phlé linn.

“Tá mé ag iarraidh go ndéanfaidh sé sin sa Seanad roimh na Nollaig ach tá an Ceannaire ag diúltú dó seo faoi láthair ach fanfaidh mé ag ardú na ceiste go bpléifear mar is ceart é.”

Connect with Sinn Féin