Sinn Féin - On Your Side

Ní fiú tada briathra binne do pháistí leochaileacha – Ó Clochartaigh

30 January, 2014


Tá iarrtha ag Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh ar an rialtas beart a chur le briathar nuair a thagann sé go dtí cosaint leanaí.

Deir an Seanadóir Ó Clochartaigh:

“Tá impleachtaí suntasacha don Stát ag breith na Cúirte Eorpaigh um Chearta Daonna ar son Louise O'Keeffe.

“Mar fhreagra ar cheist ó cheannaire páirtí s'againne, Gerry Adams, Dé Máirt d'admhaigh an Taoiseach go léirionn cás O'Keeffe faillí an stát maidir le cosaint leanaí agus lean sé ar aghaidh ag rá gur 'príoracht dáirire don rialtas is ea cosaint leanaí'.

“Ach, ar an lá céanna a bhfuil an Taoiseach ag seoladh 'Túsla' - an Áisíneacht Leanaí agus Clainne, tá fhios againn go bhfuil folúntais gan líonadh do ar a laghad 200 oibrí sóisialta, in ainneoin líon na dtuairiscí ó leanai ar mhí-úsáid nó faillí a bheith méadaithe go mór.

“Seo ag tarlú nuair a cuireadh 40,000 cás chaon bhliain ar a súile do na fóirne cosaint leanaí sa tír le dhá bhliain anuas - ardú aon cheathrú beagnach ar 2011 - ag seirbhísí dá bharr faoi bhrú ollmhór breise.

“Mhol Tuarascáil Uí Ríain cúig bhliain ó shoin go n-earcófaí 270 oibrí sóisialta breise, ach is lú an méid oibrithe sóisialta atá fostaithe anois ná mar a bhí nuair a foilsíodh an tuarascáíl úd.

“Tá an rialtas ag labhairt amach as an dá thaobh dá mbéal arís ar an ábhar seo. Tá neart briathra binne ag an Taoiseach ach nuair a thagann sé go dtí gníomhartha dáiríre ar an talamh tá an rialtas faillíoch arís eile.

“Ní fiú tada briathra binne do pháistí leochaileacha. Séard a theastaionn uathu ná seirbhísí cosaint leanaí den scoth a bhfuil dothain acmhainní acu chun feidhmiú agus rialtas atá dáiríre maidir lena gcuid leas soisialta.".

CRÍOCH

Connect with Sinn Féin