Sinn Féin - On Your Side

Ní éireoidh le hiarracht bulaíochta an Fhir Bhuí – BTR Shinn Féin

3 February, 2014 - by Rosie McCorley


Dúirt an BTR Shinn Féin Róise Ní Thoirealaigh nach raibh sna tagairtí ó cheannaire An tOrd Oráisteach George Chittick faoi Phrotastúnaigh ag foghlaim na Gaeilge ach iarracht bulaíochta a dhéanamh orthu.

Arsa an BTR Iarthar Bhéal Feirste:

“Is soiléir go bhfuil teipthe glan ar George Chittick a thuiscint go mbaineann an Ghaeilge le cách. Tugann sé misneach go nglacann  cuid den phobal Protastúnach go fonnmhar le foghlaim na Gaeilge agus nach mothaíonn siad go laghdaíonn sí a bhféiniúlacht aontachtach ná Bhriotanach.

 

“Is é an rud atá i gceist ag an Fhear Buí mór le rá seo ná iarracht bulaíochta a dhéanamh ar na Protastúnaigh sin le go n-éireoidís as an Ghaeilge.

“Tá an teanga ann do chách agus ní athróidh tagairtí aineolacha ná cúlradharcacha a dhath.

“Ar an dea-uair déarfainn nach bhfuil George Chittick ag labhairt ar son an mhórphobail Phrotastúnaigh agus go dtuigfear a thagairtí mar shuarachas agus náire in ionad ceannasaíochta de chineál ar bith.”

Connect with Sinn Féin