Sinn Féin - On Your Side

Agóideoirí na brataí ag maslú lucht ceiliúrtha na Gaeilge

17 March, 2014


Dúirt an comhairleoir Caoimhín Mac Giolla Mhín go raibh agóideoirí ar cheist na brataí taobh amuigh de Halla na Cathrach i mBéal Feirste inniu ag tabhairt drochíde béil do dhaoine, páistí óga ina measc, a bhí ag freastal ar cheiliúradh Gaeilge.

 “D’éirigh go seoigh le ceiliúradh a reachtáil an tArd Mhéara Máirtín Ó Muilleoir inniu do phobal na Gaeilge sa chathair,” arsa an Comhairleoir Sinn Féineach.

“Bhí an imeacht urramach dearfach agus bhí daoine ó gach cuid de phobal na Gaeilge sa chathair páirteach ann.

 “Thug an ceiliúradh aitheantas don obair atá déanta ag réimse mór daoine atá ag cur na teanga chun tosaigh ar bhealach dearfach iolraíoch ar fud na cathrach.

 “Ach ar an láimh eile bhí cuid de lucht na hagóide ar cheist na brataí iontach gríosaitheach.

“Thug cuid acu drochíde béil do dhaoine, páistí óga ina measc, a bhí ag dul isteach don cheiliúradh cultúrtha.

“Ansin rinne cuid acu iarracht dul isteach i Halla na Cathrach féin le cur isteach ar an imeacht.

 “Tá Lá Fhéile Pádraig ar cheann de na laethanta ainmnithe nuair a bhíonn bratach na hAontachta ar eitilt i mBéal Feirste.

 “Tá sé soiléir mar sin nach raibh de rún ag na hagóidithe inniu ach chun cur isteach ar an imeacht Ghaeilge agus chun teannas a thógáil.” 

Connect with Sinn Féin