Sinn Féin - On Your Side

Ní mór polasaí Bhéal Feirste ar chomharthaí sráide a athrú – Mac Giolla Mhín

25 March, 2014


Chuir an comhairleoir Sinn Féineach Caoimhín Mac Giolla Mhín fáilte roimh an scéala gur tugadh cead do bhean as Béal Feirste athbhreithniú breithiúnach a ghlacadh ar pholasaí na comhairle maidir le comharthaí sráide dátheangacha.

 Arsa an Comhairleoir Mac Giolla Mhín:

 “Tá Sinn Féin ag obair le tamall anuas le hoifigigh sinsearacha ón chomhairle ar réimse leathan ceisteanna a bhaineann leis an Ghaeilge.

 “I suirbhé a rinne an chomhairle dúirt 52 duine as Ballymurphy Drive sa chathair go raibh siad i bhfách le hardú chomhartha sráide dhátheangach. Níor chuir ach duine amháin in éadan an mholta.

 “Is léir ón toradh 52-1 go bhfuil muintir na sráide seo go mór i bhfabhar an mholta.

 “Ach ghlac an chomhairle go raibh gach duine nár thug freagra ar an suirbhé go raibh siad in aghaidh an mholta.

 “Tá sé soiléir go bhfuil sé seo iomlán mícheart.

 “Tá sé dochreidte nach bhfuil Comhairle Cathrach Bhéal Feirste sásta glacadh le mianta an tromlaigh mhóir díobh siúd a d’fhreagair an suirbhé.

 “Níl ach bunscoil amháin i gceantar Bhaile Uí Mhurchú agus is bunscoil Ghaeilge í.


 “Léiríonn sé sin dom nach mbeadh fadhb ar bith ag bunús mór an phobail leis an mholadh seo.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin