Sinn Féin - On Your Side

Cuireann Ní Thoirealaigh fáilte roimh an Cheathrú Gaeltacha

2 April, 2014 - by Rosie McCorley


Dúirt an CTR Sinn Féineach Róise Ní Thoirealaigh gurbh iontach an lá é don Cheathrú Gaeltachta in iarthar Bhéal Feirste agus an chéad fhód bainte do Spórtlann nua gar do Choláiste Feirste.

Arsa Róise Ní Thoirealaigh:

“Chonaic muid inniu an toradh de bhlianta fada oibre nuair a baineadh an chéad fhód ag Ard na bhFeá le háiseanna nua spóirt a chruthú do lucht na Gaeilge agus don phobal máguaird.

“Tá ardmholadh tuillte acu siúd i bpobal na Gaeilge a raibh sé d’fhís acu áiseanna pobail a chur ar fáil do lucht na teanga agus don chomhphobal áitiúil.

“Tá an Cheathrú Gaeltachta ag bogadh chun cinn anois go bhfuil tús curtha leis an obair ar na háiseanna spóirt seo.

“Tá mé cinnte go rachaidh an Cheathrú Gaeltachta ó neart go neart agus tá súil agam anois go mbeidh treis nua sna hiarrachtaí le haisling na mbunaitheoirí a thabhairt i gcrích.”

Connect with Sinn Féin