Sinn Féin - On Your Side

Seasamh Companies House ar ainmneacha Gaeilge do-ghlactha – Ní Thoirealaigh

2 June, 2014 - by Rosie McCorley


Dúirt urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí Gaeilge go raibh sé idirdhealach agus do-ghlactha go raibh Companies House ag éileamh ar chomhlachtaí ó thuaidh a n-ainmneacha a athrú má tá fada san ainm acu.

Arsa Róise Ni Thoirealaigh:

“Tá dearcadh maslach ag Companies House ar an cheist seo.

“Tá an fada tábhachtach sa Ghaeilge le brí a chur in iúl agus le focail leis an litriú céanna a idirdhealú óna chéile.

“Is comhartha den aineolas atá ag Companies House an t-éileamh seo nach féidir le comhlachtaí ainm Gaeilge a chlárú gan an fada a fhágáil ar lár nó ainm eile a roghnú.

“Is teanga oifigiúil í an Ghaeilge den Aontas Eorpach agus an chéad teanga ag go leor daoine ar fud an oileáin seo.

“Mar sin ní mór do na fearais stáit uilig an urraim agus an t-aitheantas céanna a thabhairt don Ghaeilge agus a thugann siad do gach teanga eile.

“Ba mhaith liom mo chuid tacaíochta a chur in iúl do Céad Céimeanna Teo agus iad ag dul i mbun athbhreithniú breithiúnach faoin chinneadh aineolach agus idirdhealach seo.” CRÍOCH   

Connect with Sinn Féin