Sinn Féin - On Your Side

Leas-Mhéaraí SF don chéad uair i gCreag Abhann agus i nDroichead na Banna

11 June, 2014


Tá fáilte curtha ag Sinn Féin roimh cheapadh Catherine Seeley mar Leas-Mhéara ar Chomhairle Chreag Abhann i gContae Ard Mhacha.

Is é seo an chéad uair a ceapadh poblachtánach i gceachtar den dá post is uachtaraí sa cheantar. Tháinig an scéala seo cúpla lá i ndiaidh ceapadh Phóil Uí Ghríbín i nDroichead na Banna mar Leas-Chathaoirleach na Comhairle sin.

Arsa ceannaire ghrúpa Shinn Féin, Comhairleoir Gemma McKenna,

“Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le Catherine as a ceapadh ina leas-Mhéara i gCreag Abhann. Is tuar dóchais í an ceapadh seo i ndiaidh na mblianta fada ag obair chuige sin.

“Is iarrthóir den scoith í agus níl amhras ar bith ann ach go n-oibreoidh sí go dian-chrua le linn a réim oifige, ar son mhuintir an cheantair agus ar mhaithe leis an phobal ar fad.”

Lean sí léi,

“Cé go gcuirimid fáilte roimh an fhorbairt seo den pholaitaíocht nua i gCreag Abhann agus i nDroichead na Banna, tá neart oibre go fóill le déanamh againn.

 “Caithfidh muid leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre ag comhoibriú leis na páirtithe éagsúla sa dóigh is go mbeidh roinnt na cumhachta i gcroílár ghnóthaí na comhairle nua.” 

Connect with Sinn Féin