Sinn Féin - On Your Side

Fáilte roimh mhaoiniúchán Altram – Ní Thoirealaigh

1 July, 2014 - by Rosie McCorley


Tá fáilte curtha ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Róise Ní Thoirealaigh roimh an mhaoiniúchán eatramhach atá faofa ag an Aire Oideachais John O’Dowd do Altram, an soláthróir réamhscolaíochta Gaeilge.

 Dúirt Ní Thoirealaigh:

 “Tá sé tábhachtach go gcoinneofar seirbhísí reamhscolaíochta ardchaighdeáin do scoileanna lán-Ghaelacha, mar sin cuirim fáilte roimh fhógra an Aire Oideachais John O’Dowd inniu go mbeidh sé ag cur maoinithe ar fáil do Altram.

 “Tá na seirbhísí seo á soláthar ag Altram le roinnt blianta anuas agus bhuail mé leo ar na mallaibh chun plé leo an t-athrú sa chóras maoiniúcháin agus an dóigh le seirbhísí agus caighdeáin a choinneáil i gceart.

 “Tabharfaidh an fógra seo ón Aire an t-am do gach éinne a bhaineann leis an earnáil réamhscolaíochta teacht ar an dóigh chun na seirbhísí tacaíochta riachtanacha seo a choinneáil ar siúl.” Críoch 

Connect with Sinn Féin