Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh an tAire Varadkar cabhrú chun Andrew Lydon a choinneáil beo – Ó Clochartaigh

2 September, 2014


Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh as Gaillimh ag impí ar an Aire Sláinte, Leo Varadkar dul i dteagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun cuidiú le fadsaoil Andrew Lydon, atá ag fulaingt leis an ngalar Motor Neuron, a chinntiú.

Deir Seanadóir Shinn Féin:

"Deimhníodh trí bliana ó shoin d’athair beirt chlainne, Andrew Lydon as Conamara, go raibh MND air. Creideann seisean dá ligfí dó obráíd ar a dtugtar tracheostomy air a fháil, go gcuirfí go mór leis na seansanna go mairfidh sé níos faide. Ach, níl an FSS sásta ceadú dó an obráíd a bheith aige in Éirinn.

"Maíonn Andrew nach bhfuil ach cúigear nó seisear daoine in Éirinn gach bliain a bheadh feiliúnach agus toilteanach an obráid seo a bheith acu agus go bhfuil an seans seo dhá cheilt orthu ag an FSS. Measann sé go bhfuil an cleachtas seo ag sárú an ceart atá aige féin chun na beatha.

"Creideann sé mar shaoránach de chuid na tire seo, go bhfuil dualgas ar an stát a bheatha a chaohmnú. Deir sé gurb í an fhadhb atá ann ná nach bhfuil an cúigear nó seisear seo le cloisteáil sách ard ar chúl na mascanna ocsaigín atá orthu le go mbeidís ina údar imní don stát.

"Tá mé ag iarraidh an an Aire Varadkar labhairt leis an FSS féachaint céard is féidir a dhéanamh maidir le cás Andrew agus chun fad a chur lena shaol, sa gcaoi go mbeidh seans aige a chuid páisti a fheiceáil ag fás agus níos mó ama a chaitheamh leo. Creideann Andrew gur ionann don FSS gan cinneadh a ghlacadh agus cead a thabhairt dó bás a fháil go luath.

"Tá sé íorónach gur úsáideadh cuid mhaith acmhainní de chuid an stát le deanaí le cásanna dlí a throid chun an ceart chun na beatha a chosaint agus go bhfuil fear againn anseo atá ag troid chun fad a chur lena shaol féin agus nach bhfuil siad ag tabhairt tacaíocht iomlán dó. ‘Tá feachtas dá chuid féin tosaithe ag Andrew leis an t-airgead a theastaionn don obráid agus I dtreo na gcostas iarchúram a bhailliú agus tá sé ag iarraidh ar an bpobal cabhrú tríd síntiúis a thabhairt ag www.andrewlydontrust.com más féidir leo.

"Caithfidh an tAire agus an FSS gach gur féidir leo a dhéanamh chun cabhrú leis an bhfear óg seo an caighdeán saoil is fearr gur féidir a bheith aige agus chun cur leis na seansanna atá aige a chlann a fheiceáil ag fás gan leithscéalta maoinithe a bheith mar bhac ar sin".

Connect with Sinn Féin