Léiríonn Ní Riada a imní maidir le dréachtbhuiséad 2015
I rith an lánseisiún i Strasbourg inniu bhí díospóireacht ann maidir leis an dréachtbhuiséad do 2015. Ghlac Liadh Ní Riada, feisire Eorpa Shinn Féin deisceart, an deis sin chun a imní a chur in iúl maidir leis na méid ciorraithe atá le teacht sa bhlain atá romhainn. Chuir sí béim áirithe ar an méid airgid atá molta acu tarraingt ó Horizon 20/20.
Agus í ag labhairt tar éis an lánseisiúin dúirt sí:
"Téann na moltaí seo iomlán i gcoinne na gealltanais a thug Comhairle na hEorpa dúinn. Dúradh linn go raibh sé i gceist acu infheistíocht a dhéanamh i bpostanna agus fás. An mhalairt atá le fáil sa dréachtbhuiséad seo agus tógann sé uaidh an bun aidhm chun infheistiú a dhéanamh i ndaoine.
"Maidir le Horizon 20/20, ní féidir glacadh leis an gearradh siar ollmhór de 41.4%. Le linn m´óráid rinne mé tagairt don chlár Marie Curie atá i mbaol mar gheall na ciorraithe seo. Is clár é atá lárnach i dtaobh an idealachas don taighde agus caithfear í a chosaint. Chomh maith le sin is sarú é an moladh seo den chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020.
"Mar aon le sin léirigh mé mo fhrustrachas maidir leis an easpa suime atá léirithe ag an gComisiúin do na hiascairí. D´fhéadfá a rá go bhfuil mórfhaillí taispeánta agus is náireach is uafásach iad na ciorraithe atá molta sa doiciméad seo. Buille ina dhiaidh buille tubaisteach eile dírithe orthu.
"Tugadh mandáid dúinn ó muintir na hEorpa agus tháinig teachtaireacht soiléir uathu-´sé sin go gcaithfear bogadh ó na beartais déine agus bogadh i dtreo infheistíocht agus fás a bhfuil inbhuanaithe. Dá mbainfí úsáid as gnáthchiall agus cleachtas maith gnó bheadh sé soiléir go gcaithfear infheistíocht a dhéanamh cun
iarmhéid bainc sláintiúil a chruthú.Tá pionós á ghearradh orainn mar gheall ar bhotúin ón t-am a chuiagh thart leis an buiséad neamhréalaíoch seo.
"Tá méid an déine a bhfuil ag teacht ón Coimisiúin agus Comhairle scanallach- conas in aon chor an bhfuil seo ag déileáil leis an fhadhb."