Sinn Féin - On Your Side

Ní Thoirealaigh ag iarraidh cruinniú le UTV

23 September, 2014 - by Rosie McCorley


Tá urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí Gaeilge Róise Ní Thoirealaigh i ndiaidh scríobh chuig UTV ag iarraidh cruinniú chun cláir trí mheán na Gaeilge a phlé leo.

Dúirt Róise Ní Thoirealaigh:

“Tá pobal bríomhar Gaeilge ar fud na Sé Chontae. Ba chóir mar sin go mbeadh craoltóirí ag freastal ar a gcuid riachtanais ar bhonn rialta.

“Tá UTV ar tí seirbhís nua UTV Ireland a sheoladh ag tús na bliana seo chugainn agus shíl mé go raibh sé tráthúil cruinniú a eagrú leo le fáil amach cad é an plean atá acu freastal ar phobal na Gaeilge.

“Tá mé ag iarraidh cruinniú idir mé féin agus Mícheál Ó Domhnaill, chomhordaitheoir náisiúnta na Gaeilge ag Sinn Féin, leis an bhainistíocht shinsearach d’UTV le cás na Gaeilge a phlé leo.” 

Connect with Sinn Féin