Sinn Féin - On Your Side

Bás i ndán don Ghaeltacht gan gníomhacht ó Rialtas na hÉireann - Mac Ádhaimh

4 October, 2014 - by Gerry Adams TD


"Ba mhaith liom fearadh na fáilte a chur roimh achan duine anseo inniu. Ba mhaith liom fáilte faoi leith a chur roimh Mhícheál Ó Domhnaill, Oifigeach Náisiúnta Gaeilge Shinn Fein, go raibh míle maith agat as an ócáid iontach seo agus buíochas mór fosta do na daoine a chabhraigh leat.

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do Liadh Ní Riada atá anois ina MEP do Shinn Féin a bhí mar an chéad oifigeach Gaeilge againn, ceannródaí atá innti agus rinne sí sár-obair ar son na Gaeilge sa pháirtí. Is é Sinn Féin an t-aon pháirtí a bhfuil Oifigeach Gaeilge lán aimseartha aige.

Táimid bailithe le chéile anseo i nDoire, agus an páirtí ag dul ó neart go neart. Ná déanaimis dearmad, áfach, ar cheann de na rudaí is tábhachtaí dá bhfuil againn ar an oileán seo – ár ndúchas agus ár n-oidhreacht, na téada a cheanglaíonn le chéile sinn – agus ní neart go cur le chéile.

Sa pháirtí féin bainimis leas as na cruinnithe páirtí chun an Ghaeilge a úsáid. Is le muintir na hÉireann ar fad an Ghaeilge, idir Ghaeil agus Ghall, chainteorí dúchais agus fhoghlaimeoirí.

Sa pháirtí tá gá le comhoibriú agus comhpháirteachas chun an páirtí a Ghaelú céim ar chéim. Táimid an-dáiríre faoi seo ó bhun go barr an pháirtí.

Tá Sinn Féin mar a bheadh scáthán ar shochaí na hÉireann. Tá a lán daoine báúil don teanga ach caithfimid níos mó a dhéanamh. Beart de réir briathar is é an dúshlán atá romhainn uilig.

Tá linn inniu aoíchainteoirí speisialta ‘sé sin gaolta laochra Éirí Amach 1916, Jim Connolly Heron, Honor Ó Brolacháin agus Éamonn Mac Dermott. Bhí fís ag na fir agus na mná úd agus tá sé mar aidhm ag Sinn Féin an fhís sin a chur i gcrích.

Deir na saineolaithe go dtiocfaidh deireadh leis an Ghaeltacht laistigh de thríocha bliain mura ndéanfar gníomh go luath. Is minic a deirtear ‘is fearr go mall ná go brách’ – níl sin fíor sa chás seo. Tá seo an-simplí – tá an rialtas ag déanamh an méid is lú a chaithfidh siad a dhéanamh, agus tá i bhfad níos mó de dhíth ar an Ghaeilge.

Beidh daoine ó na ceanneagrais ag caint linn agus tá sé deacair orthu a gcuid oibre a dhéanamh agus beartas a chur i bhfeidhm gan an tacaíocht cheart ón rialtas.

I mbliana bhí ar an Choimisinéir Teanga éirí as a phost. Gúimid gach rath ar Sheán Ó Cuirreáin agus aontaíonn sinn go huile is go hiomlán leis an léargas a bhí aige ar theipeadh an rialtais i leith na Gaeilge. Guím gach rath ar Rónán Ó Domhnaill fosta agus gheobhaidh sé gach tacaíocht sa ról nua seo ó Shinn Féin. Tagann Sinn Féin le dearcadh an iar-choimisinéara – nach bhfuil an rialtas ag freastal ar phobal na Gaeilge.

Ach bímis dóchasach fosta. Tá an teanga beo agus tá muintir na teanga beo múscailte fosta. Bhí áthas orm seasamh leis na mílte Gael eile i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath ar an lá stairiúil Dearg le Fearg.

Tá a lán oibre le déanamh ach tá díograiseoirí tiomanta don obair sin. Sna Sé Chontae tá ag éirí go geal leis an fheachtas Líofa agus tá moladh mór ag dul do Charal Ní Chuilín as sin. In earnáil an oideachais,  tá an-obair á dhéanamh ag an Aire Oideachais John O Dowd trí thacaíocht láidir a thabhairt don Ghaeloideachas.

Leanfaidh Sinn Féin ar aghaidh ag gníomhú ar son na Gaeilge ar fud an oileáin. Maidir le hAcht na Gaeilge sna Sé Chontae, scríobh mé chuig an Taoiseach agus Príomh-Aire na Breataine le déanaí ag dearbhú go gcaithfear gach cuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na comhaontuithe eile a chomhlíonadh –Acht na Gaeilge san áireamh.

Bainigí sult is spraoi as imeachtaí an deireadh seachtaine ach tógaigí an fuinneamh agus an fhís seo ar ais chuig an pháirtí mhór."

Connect with Sinn Féin