Sinn Féin - On Your Side

Ní cóir go stopfaí seirbhís farantóireachta Inis Mór

18 October, 2014 - by Martin Ferris TD


Tar éis na cainte a bhí ag an Teachta Shinn Féin Martin Ferris le muintir Inis Mhór inné, dúirt an Teachta Ferris go ndéanfaidh sé gach iarracht ceist na farantóireachta a ardú sa Dáil Dé Máirt seo chugainn.

Dúirt an Teachta Ferris:

“Tá sé i gceist an tseirbhís go hInis Mór a chríochnú Lá Samhna. Ba cheart don Aire a chumhachtaí a chur i bhfeidhm chun é seo a stopadh.

“Deireadh a chur le seirbhís farantóireachta, is ionann sin agus cosc a chur le húsáid bhóthair ar an oileán. Ní cheart go ligfí leis sin agus ba chóir gníomhú láithreach.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go mbeadh sé náireach gan seirbhís farantóireachta a bheith ag muintir an oileáin i rith an gheimhridh.

“Bíonn lear mór daoine ag braith ar an tseirbhís farantóireachta, ina measc scoláirí scoile, daoine ag trial ar ospidéal agus mar sin de. Is seirbhís bhunúsach í agus tá mé ag taithint ar an Aire McHugh a ladar a chur isteach sa scéal gan mhoill agus a chinntiú go leanfaidh an tseirbhís tábhachtach seo ar aghaidh.”

Connect with Sinn Féin