Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh Polaiteoirí Uile na Gaillimhe seasamh leis an bpobal – Ó Clochartaigh

4 November, 2014


Tá Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh, ag iarraidh ar ionadaithe tofa na Gaillimhe ar fad seasamh le pobal na Gaillimhe agus na hÉireann i gcoinne na dtáillí uisce.  

Deir Ó Clochartaigh:

“Ní mhór do Theachtaí Dála, Seanadóirí, Feisirí Eorpacha agus Comhairleoirí a deir nach n-aontaíonn siad leis na taillí uisce ná an cur chuige atá ag Uisce Éireann, a dtacaiocht a tharraingt siar ó pháirtithe an rialtais, nó aon socraithe vótála leo, go dtí go bhfaighfidh siad geallúint go gcuirfear deireadh ar fad leis na táíllí seo.

“Is teachtaireacht iontach soiléir do na polaiteoirí a bhí sna sluaite a tháínig amach ag agóidíocht ar fud na tíre ag an deire seachtaine, chun éisteacht leis na saoránaithe atá ag rá go bhfuil an cháin seo éagcothrom agus go bhfuil i bhfad an iomarca daoine nach bhfuil ábalta, ná in acmhainn na táillí uisce a íoc.

“Tá sé in am deireadh a chur leis an galamasaíocht. Caithfidh ionadaithe Rialtais teachtaireacht soiléir a chur chuig ceannaireacht Fine Gael agus an Lucht Oibre go bhfuil dothain faighte ag an bpobal.

“Caithfidh baill Fhianna Fáil cur ina luí ar a gceannairí féin freisin go gcaithfidh siad a bpolasaí féin, a thacaionn le táillí uisce i bprionsabal, a chur ar neamhní.

“Caithfidh an dream a thugann ‘Neamhspleáigh’ orthu féin, ach atá i socraithe vótála le páirtithe atá i bhfábhar na bpolasaithe seo, na daoine a chur roimh a gcuid mianta polaitiúla, leithleasacha féin agus a dtacaíocht a tharraingt siar muna n-athraítear na polasaithe seo.

“Tá geallúint shoiléir tugtha ag Sinn Féin go gcuirfidh muid deireadh leis na táillí eágcothroma agus éagóireacha seo ach muid a bheith i Rialtas.

“Thug an pobal na sráideanna orthu féin le chur in iúl go soiléir go bhfuil siad i gcoinne na dtáillí seo i bhfoirm agus i bprionsabal.

“Tá deis dhá thabhairt do pholaiteoirí na Gaillimhe de chuile dhath anois seasamh leis an bpobal a thogh iad, nó leis na páirtithe polaitiúla atá ag cur na taillí damanta seo i bhfeidhm. Is leosan an rogha, ach bheadh súil agam gur leis an bpobal a sheasfaidh siad.”  

Connect with Sinn Féin