Sinn Féin - On Your Side

Athruithe ar fhoireann Shinn Féin san Oireachtas

12 November, 2014 - by Gerry Adams TD


D’fhógair Uachtarán Shinn Féin Gearóid Mac Ádhaimh roinnt athruithe ar fhoireann Shinn Féin san Oireachtas.

Dúirt an tUachtarán Mac Ádhaimh:

“Ainmníodh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh mar urlabhraí Shinn Féin don Diaspóra. Is ról fíorthábhachtach é toisc go dtugann Sinn Féin aird ar leith ar shaoránaigh Éireannacha atá thar lear, go háirithe iad siúd nach raibh an dara rogha acu ach imeacht mar gheall ar pholasaithe déine an rialtais. Is iad muintir na tuaithe agus daoine as iarthar na tíre is mó a d’fhulaing go géar de bharr na bpolasaithe seo.

“Bhí Sinn Féin ag argóint go láidir chun cearta vótála a sholáthar do shaoránaigh atá ag cónaí thar lear, agus na cearta sin a bheith mar chuid den Coinbhinsiún Bunreachtúil. Chuir Sinn Féin bille a dhéanfadh leasú ar an mBunreacht agus beidh feachtas cearta vótála do shaoránaigh thar lear i dtoghchán Uachtaránachta faoi chinnireacht Trevor Uí Chlochartaigh.

"Beidh an Teachta Séan Crowe mar Urlabhraí ar chúrsaí Cosanta mar aon leis an ról atá aige faoi láthair ag plé le Gnóthaí Eachtracha. Bhíodh seo faoi chúram an Ulabhraí Dlí agus Cirt Pádraig Mac Lochlainn. Scaradh an rialtas na cúraimí roinne Dlí agus Cirt agus cúrsaí Cosanta i mbliana.

"Beidh an Teachta Peadar Tóibín mar Urlabhraí Sóisearach Airgeadais. Beidh sé ag obair taobh leis an Teachta Pearse Doherty. Beidh an ról nua seo aige in éineacht lena chúraimí maidir le Fostaíocht agus Fiontraíocht. Tabharfaidh an t-athrú seo gach deis don pháirtí dul i ngleic leis an bhfiosrú baincéireachta a bhfuil Pearse Doherty mar bhall de. 

“Chaitheamar go cáiréiseach leis na hathruithe seo agus ligfidh siad do Shinn Féin ionadaíocht láidir a dhéanamh ar son an phobail agus a chinntiú go bhfuil súil ghéar a coinneáil ar iompar an rialtais.” 

Connect with Sinn Féin