Fáiltíonn Ní Thoirealaigh roimh chomhaontú ar bhuiséad an Fhorais
Mhol an CTR Sinn Féineach Róise Ní Thoirealaigh an tAire Cultúir ó thuaidh Carál Ní Chuilín as an chosaint a rinne sí ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge.
Bhí Ní Thoirealaigh ag labhairt i ndiaidh chruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas in Ard Mhacha. Aontaíodh buiséad an Fhorais ag an chruinniú.
Dúirt urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí Gaeilge:
“Beidh Foras na Gaeilge ábalta pleanáil don todhchaí agus obair go dearfach leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt.
“Tá ardmholadh tuillte ag an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín as ucht na cosainte a rinne sí ar bhuiséad an Fhorais agus ar bhuiséad Ghníomhaireacht na hUltaise.
“D’éirigh léi seo a dhéanamh in ainneoin phleananna rialtas na hÉireann le ciorruithe a chur i bhfeidhm.
“D’oibrigh Carál Ní Chuilín lena comhghleacaí sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis na buiséid a aimsiú agus a chosaint do na fearais seo.
“Is fianaise í a cosaint ar na buiséid seo de thábhacht na Gaeilge agus de choimitmint Shinn Féin do chur chun cinn na teanga.”