Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh an rialtas níos mó tacaíocht a thabhairt do sheirbhísí foréigin baile - Trevor Ó Clochartaigh

4 December, 2014


Tá iarrtha ag Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin ar an rialtas maoiniú cuí a chur ar fáil do sheirbhísí a thacaíonn le mná atá ag éalú ó fhoréigin baile.  

Ag labhairt dó sa Seanad, áit ar iarr sé díospóireacht ar an ábhar, deir an Seanadóir Ó Clochartaigh:

“Tá ardú ag teacht ar líon na gcásanna Foréigin Baile agus tá na seirbhísí a chuidíonn le mná agus páistí atá ag lorg tearmann agus cabhair ag béiceach ar son cabhrach. 

“Tá géarghá le breis maoiniú don tseirbhís DVR i mo Dháilcheantar féin i nGaillimh. 

“Tá géarchéim airgeadais agus foirne acu faoi láthair atá ag cur srian leis na seirbhísí tús líne, tacaíocht theileafóin agus eolais duinde do dhuine a chuirtear ar fáil do mhná i gContae na Gaillimhe. 

“Ni leor an maoiniú atáthar ag cur ar fáil beag ná mór le freastal ar an éileamh ó na mná agus chuaigh ós cionn cúig chéad glaoch gan freagairt anuraidh de bharr ganntann foirne. 

“I mbliana amháin tá thart ar leathchéad glaoch in aghaidh na míosa caillte de bharr nach raibh aon duine san oifig le freagairt nuair a tháinig na glaonna tríd.  

“Ní i nGaillimh amháin atá seo ag tarlú faraor, ach tá an scéal amhlaidh ar fud na tíre. 

“Is cabhair éigeandála atá sna línte gutháin seo, ach go h-áirithe do mhná agus páistí a chónaíonn i suíomhanna a bhfuil an fhoréigin agus mí-úsáid thar a bheith coitianta agus is minic gurb iad an difríocht idir beatha agus bás.

“Ní féidir glacadh leis na suimeanna suaracha a thugtar do sheirbhísí le dul i ngleic le foréigin baile. 

“Dar le Safe Ireland, anuraidh amháin fuair ós cionn 11,500 bean agus páiste tacaíocht ó na seirbhísí seo, agus fríothadh 46,137 glaoch ar an iomlán. Sin thart ar chúig ghlaoch chuile uair a chloig.  

“Caithfidh muid cosaint níos fearr a thabhairt do mhná agus páistí agus an chéad céim chuige sin ná cinntiú go bhfuil dóthain airgead dhá chur ar fáil do na seirbhísí foréigin baile." 

Connect with Sinn Féin